ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

Céard é Ógras?

Is Ógeagraíocht gaeilge é Ógras do dhaoine Óga idir 8 - 19 mbliana d'aois.  Tá dhá aois-ghrúpa i gceist sna clubanna. Tá Óg-Ógras ann do pháistí idir 8 -12 bhliain d'aois agus tá Ógras ann do dhéagÓirí idir 13 - 19 mbliana d'aois.

Is féidir club d'Ógras a bhunú in aon áit sa tír, má tá grúpa de dhaoine Óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach i gclub Gaeilge. D'ár ndÓigh tá ionad agus ceannairí ag teastáil freisin.

Bíonn imeachtaí réigiúnda, naisiúnta agus fiú idirnaisiúnta ar siúl ag Ógras i rith na bliana.  Ansin sa samhradh is féidir le páistí páirt a thÓgáil sna campaí samhraidh a bhíonn ar siúl ar fud na tíre.

Tugann Ógras deis do dhaoine Óga an méid Gaeigle atá acu a chleachtadh chomh maith le cabhair a thabhairt dÓibh líofacht a bhaint amach sa teanga.

Aidhmeanna

  • Cur chun cinn na Gaeilge i measc an Óige
  • An duine Óg a fhorbairt mar phearsa
  • Cultúr dúchais na hÉireann a chothú

Cad a tharlaíonn sa Chlub

In Ógras reachtálann na ceannairí Óga an Club Óige ( le cabhair Ó threoiraí fásta) agus bíonn imeachtaí acu ar nÓs cispheil, cluichí boird, sacair faoi dhíon, peil ghaelach, ceol, rince, cluichí teanga, ceardaíocht, drámaíocht, díospÓireachtaí ealaíon, srl.

Tugann Ógras deis do dhaoine Óga bheith páirteach san Oireachtas, MÓr-Fhéile na Gaeilge agus casadh le Gaeil Óga na tíre. Tá clubanna ag Ógras ar fud na tíre agus eagraíonn muid imeachtaí náisiúnta agus réigiúnda dÓibh.

Buntaistí

  1. Cuirtear ar chumas an duine Óg a bheith páirteach san obair
  2. Tugtar dúshlán don Ógánach smaoineamh ar a dhearcadh agus ar a chuid nÓsanna féin mar dhuine aonair agus mar dhuine den slua
  3. Bíonn tionchar na hoibre le feiceáil i saol an duine Óig tríd is tríd - sa chlann, lena chuid cairde, sa phobal
  4. Bíonn meas ar an duine Óg mar dhuine ann féin gan tuairimí an cheannaire á mbrú air/uirthi.

Rialacha sa Chlub

  1. Is í an Ghaeilge an teanga labhartha sa chlub. Cé nach bhfuil líofacht iomlán sa Ghaeilge mar choillíoll bhallraíochta, bheifí ag súil go n-úsáidfeadh na baill an méid Gaeilge atá acu, cur leis an méid sin agus líofacht a bhaint amach.Níl cead teanga eile a úsáid.
  2. Níl cead ag éinne a bheith drochbhéasach ná droch-chaint a úsáid sa chlub.
  3. Tá cosc ar alcÓil agus ar thobac sa chlub.

Clárú le hÓgras

Nuair a bhunaítear Club d'Ógras, caithfidh an club agus na baill go léir clárú leis an Ard-Oifig. Is €10 an duine sa bhliain an costas ar clárú. Clúdaíonn an costas sin árachas agus clárúchán don bhall agus don chlub ar feadh bliana. Ba chÓir do na ceannairí, baill nua a chlárú láithreach lena chinntiú go bhfuil gach duine clúdaithe faoi Scéim Árachais Dliteanais Poiblí Ógras.

Bunreacht Ógras

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras