ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

clubanna

Cá bhfuil an Club

Ta club Óg-Ógras Rann na Feirste suite i nGaeltacht Thír Chonaill in aice leis an gClochán Liath. Tá muid timpeall uair a chloig as Leitir Ceanainn.

Cathain go mbuailimid le chéile

Tagann an club le chéile ar feadh dhá uair a chloig, idir 7.00 – 9.00 i.n. gach Aoine, i Halla na Scoile i Rann na Feirste.

Imeachtaí sa chlub

Bíonn go leor imeachtaí difriúla ar siúl again sa chlub ar nós, Cispheil, dramaíocht, ceoil, damhsa agus eagraíonn muid comórtas tráth na gceist ó am go ham freisin. Uaireanta téann muid ar siúlóid nuair atá an aimsir go maith agus bíonn cluichí ar siúl again sa pháirc in aice an halla freisin.

Imeachtaí Eile

Gach bliain freastalaíonn muid ar Lá Óg-Ógras i Mí na Samhna agus arís i Mí an Mhárta.  An bhliain seo caite chuaigh muid go Páirc Creggan agus bhí lá iontach again.  Eagraíonn muid go leor imeachtaí i rith Seachtain na Gaeilge gach bliain freisin.  Tá súil again campa samhraidh a chur ar siúl do na paistí beaga arís i mbliana i Mí Iúil. Tagann club as Doire ar chuairt chugainn le linn an Campa Samhraidh gach bliain agus bíonn craic ar dóigh again leo.

Cad a thaitníonn linn faoin chlub

Tugann an club deis dúinn casadh lenar gcairde agus píosa craic a bheith again.  Chomh maith le sin bíonn imeachtaí spéisiúla ar siúl again agus is maith linn ag dul ar na turasanna chun casadh le clubanna eile d’Ógras ar fud an chontae.

Stair an chlub

Tá an club ar an saol le tri bliana agus tá ag éirigh go hiontach linn.  Tá tuismitheoirí i gceannas an chlub gach oíche agus bíonn déagóirí ag cabhrú amach freisin.  Go dtí seo d’fhrestal an club ar go leor turasanna timpeall an chontae agus chuaigh muid go Doire agus an Omaigh ar thurasanna freisin.  Tá súil again club Ógras a thosnú an bhliain seo chugainn chun go mbeidh club ag na déagóirí freisin.

Conas bheith i do bhall

Is féidir labhairt le ceann de na ceannairí agus fail amach an bhfuil spas sa chlub.  Ní gá duit ansin ach foirm iarratasi a líonadh isteach agus beidh tú ábalta teacht go dtí an club gach seachtain.

Ár gcairde

Tá muid an chairdiúil leis na clubanna seo a leanas: An Eargail, Cnoc Fola agus Doire.

Aon eolas speisiúil eile faoin chlub

Tháinig Uachtarán na hÉireann ar cuairt chugainn chun an club a oscailt go hoifigiúil i 2007.

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras