ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie
Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.
Radharc i: English
Is féidir eolas mar gheall ar 'Comórtas Seó Árdáin' ar fáil má leanann tú an nasc chuí thíos agus is féidir foirm iarratais a fháil sna nascanna seo chomh maith. Ta foirm éagsúl ann d'Ógras agus Óg-Ógras
Tá dáta anois socraithe do Chomórtas Seó Árdáin Laighean. Beidh an chomórtas ar siúl i Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin, Co.Chill Dara ar an 11 Feabhra 2012.
Tá dáta socraithe do Chomórtas Seó Árdáin Chonnacht. Beidh sé ar siúl ar an 3 Márta 2012.
**Dataí na réigiún eile le teacht go luath.
Tá an Comórtas Ealaíne ar siúl ag Ógras le beagnach cúig bliana anuas. Tá an comórtas oscailte do bhaill Ógras agus Óg-Ógras. Is féidir le club iarratas a chur isteach ar an chomórtas nó is féidir le daoine aonracha saothar a chur ar aghaidh.
Tá comórtas Ealaíne agus Filíochta ann do bhaill Óg-Ógras agus tá comórtas Díospóireachta, Dramaíochta agus Grianghrafadóireachta ann do bhaill Ógras.
Tugtar duais do na daoine a thagann sa chéad, dara nó tríú háit i ngach ceann de na comórtais.
Tá duais chiste de bhreis agus €6,000 ar fáil i mbliana chomh maith le trofaí agus t-léine nó geansaí de chuid Ógras do gach buaiteoir.
Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility
