ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie
Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.
Radharc i: English
Bíonn an tÓgrastal ar siúl gach bliain. Bíonn cúpla imeacht ar siúl le linn an Ógrastail.
Ar cheann de na himeachtaí sin bíonn cruinniú chinn bhliana Ógras. Tugann sé seo deis do na clubanna agus na baill tuairisc a fháil faoin méid a bhí ar siúl san eagraíocht le bliain anuas chomh maith le eolas a fháil faoin méid atá beartaithe don bhliain amach rompu.
Ta deis ag na clubanna daoine a ainmniú ar Choiste Stiúrtha Ógras. Tá cead triú ceannairí óga agus triúr ceannairí/treoraithe fásta a thoghadh ar an gCoiste nua.
Chomh maith le sin tugtar deis do na clubanna cur i láthair a dhéanamh faoin obair atá ar siúl acusan i gceantar féin agus freisin tugtar seans dóibh labhairt faoi aon dheacrachtaí nó fadhbanna atá acu sa chlub agus déantar gach iarracht cabhrú leo na fadhbanna seo a réireach.
Roimh an Ógrastal cuireann clubanna agus an Coiste Stiúrtha rúin ar aghaidh gur mian leo a phlé leis na hionadaithe eile ag an Ógrastal. Pleitear ábhair ar nós: Oideachas; An Ghaeilge; Obair Óige; Imeachtaí Ógras; Tionscnamh nua; Forbairt na heagraíochta agus go leor, leor ábhair eile.
Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility
