ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

comhthraenáil & ógras

Bunaíodh Comhthraenáil i 1988 idir Ógras, Feachtas agus CONCOS agus go leor grúpaí eile chun traenáil a chur ar fáil do na hÓgeagrais Ghaeilge.

Ag an am faoi láthair cuireann an Rannóg Gnóthaí Ógra sa Roinn Oideachais timpeall €17,000 sa bhliain ar fáil le haghaidh traenáil do na hóg-eagrais tríd Comhthraenáil. Faoi láthair is iad Ógras, Feachtas agus Cumann na bhFiann an trí eagraíocht a thógann páirt sna cursaí seo, agus tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar Chathaoirleach, agus Comhairle Náisiúnta na nÓg mar Rúnaí/Cisteoir ar an gcoiste seo.

Le linn 2007 eagraíoch go leor ceardlanna timpeall na tíre, bhí roinnt mhaith acu seo ag plé le drumadóireacht, samba, damhsa hip-hop agus damhsa ar an sean nós. Bhí ceardlann deireadh seachtaine ar siúl i Leitir Ceanainn do dhaoine óga a raibh spéis acu gairm a bhaint amach mar DJ nó VJ. D'éirigh an mhaith leis an chúrsa seo ach bhí go leor obair i gceist do na daoine a d'fhrestal air.

Thóg baill foirne as Ógras agus Cumann na bhFiann páirt i gcúrsa Garr Chabhair an bhliain roimhe sin agus tá sé i gceist againn cúrsa athnuachana a dhéanamh go luath i 2008 chun a chinntiú nach ndearna muid dearmad ar aon ghné den chúrsa.

Do 2008 tá sé i gceist ag Comhthraenáil na cúrsaí seo a leanas a chuir ar siúl do cheannairí, do bhaill agus do fhoireann na nÓg-eagrais Gaeilge:

  1. Cúrsaí Garr-Chabhair
  2. Cúrsa scileanna cumarsáide agus éascaíochta do cheannairí agus baill foirne
  3. Ceardlanna, damhsa, scileanna siorcas, drumadóireachta srl.
  4. Cúrsa Dramaíochta
  5. Cúrsaí Eachtraíochta
  6. Turas staidér go dtí an Bhretain Bheag nó tír cheilteach eile.

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras