ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

connacht

 

Lá Óg Ógras Connacht 20 Samhain 2010:

 

Bhí an lá Óg-Ógras againn i nGaillimh ar an 20ú Samhain 2010. Tháinig cheithre chlub le chéile go luath ar maidin Shatharn thíos in Óranmóir – Óg-Ógras Eanach Dhuain, Óg-Ógras Uachtar Árd, Óg-Ógras Mhic Dara agus Óg-Ógras an Fháirche. Bhíodar i Citylimits ar maidin agus ghlac na clubanna páirt in imeachtaí eágsúla ar nós bábháil, ballaí arda, Lazerquest agus caisleán preabann. Tar éis an mhaidin a chaitheamh ag spraoi bhí lón acu ar fad i mbialann Jungle Drums. Nuair a bhí a ndóthan ithe acu chuaigh siad trasna go dtí an Omniplex áit ar bhfuair siad popcorn, milseáin agus deochanna. Bhí rogha scannáin le feiceal acú Harry Potter and the Deathly Hallows agus Despicable me. Bhain na páistí an sult as na scannáin .Fuair gach páiste Hoodie Ógras freisin.  Bhain na páistí agus na ceannaírí an-sult as an lá ar fad agus bhí na tuismitheoirí an sásta freisin. á siad ar fad ag súil go mór leis an gcéad lá eile amach.

 

Lá Óg-Ógras Chonnacht 2008:

Bhí an lá óg ógras againn i nGaillimh díreach roimh na Nollag agus thóg muid na páistí chuig Geamaireacht na Nollag – An yummy Mummy. Bhí sé ar siúl san Dúbhlann i nGaillimh agus thóg cheithre chlub páirt san lá le 128 duine ann idir páistí agus ceannairí. Is iad Club Óg Ógras Mhic Dara, Óg Ógras Saoirse Acaill, Óg Ógras na Forbacha agus Óg Ógras Uachtar Árd a ghlac páirt san lá. Bhain said an sult as an nGeamaireacht agus d’áithinn said go leor de na haisteoirí as an seó Ros na Rún. Thóg cuid de na clubanna pictúir leis na haisteoirí agus bhí siad an sástá leo fhéin. Bhí an Geamaireacht ar bún ar feadh dhá uair go leath agus nuair a bhi sé thart chuaigh siad trasná chuig an bialann – Supermac’s! – Bhí am acu ansin chun lón a ithe agus dul ag siopadóireacht má bhí siad ag iarraidh súla ndeachaidh gach duine abhaile ar na busanna lán sásta leo fhéin agus iad ag súil go mór leis an gcéad cheann eile!

 

Beidh an chéad lá eile amach againn i gConnacht ar an 9ú & 10ú Bealtaine 2009 agus beidh muid ag dul go Killary arís i mbliana. Tá mé ag súil go mbeadh gach club ag an lá óg ógras.

 

Turas Deireadh Fómhair 2007:

Bhí lá Óg Ógras Chonnacht againn ar an 18ú Deireadh Fómhair 2007. Bhí sé ar siúl thios í Óran Mór ag Citylimits agus ag Omniplex Oran Mór.

Thóg céad séasca páiste páirt san lá - bhí an oiread sin páistí ag iarraidh thiocht chuig an lá Óg Ógras go raibh orainn dhá lá a dhéanamh dhó agus na clubanna as Maigh Éo a chur ar lá difriúil. Tháinig na páistí le chéile ag Citylimits ag leath uair thar théis an deich ar maidin dé domhnaigh agus cúireadh isteach í ngrúpaí difriúil iad dé chaoige páiste. Rinne gach grúpa dreapadh ar bhallaí árda, bábhail, Laserquest agus bhí lón ag gach duine acú thuas san mbialann nua.

Nuair a bhí gach páiste thar théis ám a fháil ar gach imeacht chuaigh siad ar fad trasna go dtí an Omniplex chun an scannán Ratatouille a fhéiceal. Bhí an scannán againn dúinn fhéin beagnach, mar go raibh an oiread páistí againn. Chaith siad dhá uair a chlóig istigh ag an scannán agus iad ar fad ag ithe popcorn agus milseáin! Nuair a bhí sé thart bhailligh siad ar fad le chéile thíos ag an doras agus chuaigh siad abhaile ar an chúig bhus a bhí ag fanacht leo. Bhaín siad an sult as an lá agus bháin na ceannairí a bhí leo sult as freisin, fiú má bhí siad féin beagainín túirseach faoin ám sin! Bhí tuismitheoirí na bpáistí chomh sásta go raibh lá iontach ag na páistí agus ghlaoigh siad chun a mbuíochas a ghlacadh linn.

Beidh an lá Óg Ógras Maigh Éo againn as seo go Nollaig le cúnamh Dé.

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras