ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nuachtlitir Liostal anseo - Newsletter

Join OGRAS on

Join OGRAS on Facebook!Join OGRAS on Bebo!

Imeachtaí Ógras

Turas na Déagóirí

Chuaigh baill ó clubanna Ógras Laighean go Skirmish paintballing ar an 8ú Bealtaine. Caitheadar an lá ag imirt in aghaidh a chéile. Bhí ann spraoi acu agus chuaigh gach éinne abhaile clúdaithe le péint. Tá súil againn dul ar ais arís go luath.

Tuilleadh Eolais

Scléip na hÓige

Radharc i: English

trasteorainn & idirnáisiúnta

BENDIGEIDFRAN

Dhá Thír - Aois Amháin
Two Countries - One Age

Is é Bendigeidfran ainm an Tionscnaimh atá ar siúl le beagnach trí bliana idir Ógras agus an URDD óg-eagras Breatnaise, sa Bhreatain Bheag.. Tá sraith cúrsaí agus imeachtaí ar siúl idir an dá eagraíocht a thosaigh i Mí Lúnasa 2005 agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí Mí Márta 2008.

Cúrsa & Imeachtaí in Éirinn

2005

Samhain 2-5 - Imeachtaí, Ceardlanna agus turais bhreise ar siúl le linn Scléip na hÓige ag an Oireachtas i gCorcaigh. Bhí beagnach 80 duine óg i láthair idir Ógras agus an Urdd.

2006

Feabhra - Ceoil agus Rince Tradisiúnta na hÉireann
Bhí na daoine óga as Ógras agus an URDD ag tógáil páirt i gceardlann agus i ngrúpaí oibre le Rónan Ó Snodaigh. Bhí an cúrsa ar siúl i Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí. Bhí ceolchoirm mór le Kila mar chuid suntasach den chúrsa seo.

2007

Feabhra - An Timpeallacht agus Nósanna Tradisiúnta
Bhí ceardlanna agus cuairteanna eagraithe ar feadh ceithre lá i gceantar na nDéise i bPort Láirge le linn an chúrsa seo. Arís tháinig grúpa daoine óga as Ógras agus an Urdd le chéile chun foghlaim faoin timpeallacht agus nósanna tradisiúnta na tíre seo.

Aibreán - An Ghaeilge mar Theanga / Na Meáin Chumarsáide
Bhí plé faoin Ghaeilge i saol an óige agus an tionchur atá ag na meáin chumarsáide ar an teanga. Rinne na daoine óga ceardlann faoi conas físteip ghairid a thaifeadú agus conas eagarthóireacht a dhéanamh ar fhísteip. Freisin fuair siad deis agallamh a dhéanamh r Raidió na Gaeltachta. Bhí an cúrsa seo ar siúl i Leitir Ceanainn le linn an Fhéile Pan-Cheilteach agus Oireachtas na Cásca. D'fhreastal na daoine óga ar roinnt de na himeachtaí a bhí ar siúl mar chuid den dá fhéle.

Deireadh Fómhair - An Ealaíon agus an Ghaeltacht
An uair seo bhí an cúrsa ar siúl mar chuid de Scléip na hÓige i gCathair na Márt. Thug an grúpa cuairt ar ionad eachtraíochta Delphi agus bhí go leor imeachtaí eile ar siúl thar an trí lá.

Bhí na cúrsaí seo a leanas ar siúl sa Bhreatain Bheag thar na trí bliana agus beidh grúpa as Ógras ag dul trasna go luath i Mí an Mhárta le haghaidh an cúrsa deireannach sa tionscnamh reatha. Tá súil againn grúpa de timpeall 20 - 25 duine óg as Éireann a thógáil trasna don chúrsa i 2008.

2005 - Welsh Language

2006 - Welsh Media / Welsh Governance

2007 - Welsh Traditions

2008 - Welsh Arts & Culture

Mar an gcéanna leis na cúrsaí in Éirinn bhí ceardlanna, turasanna agus imeachtaí eachtraíochta i gceist.

Oíche Chultúir 2010

Beidh Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath ar súil ar Aoine an 24ú Méan Fómhair 2010. Beidh Ógras in éineacht le an-chuid eagraíochtaí Gaeilge eile ag glachadh páirt i spraoi na hoíche.  Le tuilleadh eolais brú ar an nasc thíos.

Tuilleadh eolais

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility