ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

laighean

Turas Lae go Carlingford:

 

Ghlac baill ó chlubanna Óg-Ógras Laighean páirt i turas lae go Ionad Eachtraíochta Cairlinn, Co.Lú ar an 13ú Samhain 2010, in éineacht le clubanna Uladh.

Chaitheadar an lá ag dreapadh ar carraigeacha, in airde ar rópaí, ag boghdóireacht, ag déanamh treodóireacht agus go leor cluichí foirne eile.

Bhíodar cosúil le h-ainmhithe beaga ag dul i bhfolach agus ag lámhcán tríd lúbraí agus cúrsaí eachtraíochta a bhí lagtha amach ag foireann Cairlinn dóibh. Bhí lón deas te againn ar fad san ionad chomh maith, rud a bhí ag teastáil ar an lá fuar. Bhí lá iontach againn i gCairlinn lán de spraoi.

Beimid cinnte ag dul ar ais go dtí an ionad arís le lá eile a chaitheamh ann.

 

 

 

Ceardlann sna Clubanna:

 

Tá an-chuid ceardlann ar siúl i gclubanna Laighean tríd na bliana. Go dtí seo i 2010 bhí ceardlann samba, hip-hop, scileanna siorcas, scéalaíocht, ealaíne gloine agus eolaíochta ag roinnt de na clubanna. Beidh go leor eile ag teacht go luath, ina measc beidh ceardlann dramaíocht, cócaireacht ealaíon srl. Baineann na baill an-taitneamh as na ceardlann ar fad agus tugann siad deis dóibh scileanna nua a fhoghlaim.

 

 

Paintballing i gCill Mhantáin:

 

I mí Bealtaine 2010 chuaigh grúpa déagóirí ó chlubanna Ógras cúige Laighean go ionad Skirmish i gCill Mhantáin áit gur chaith siad an lá ‘Paintballing’. Bhí lá iontach ag na déagóirí ar fad ag rith timpeall san choill ag imirt sna suíomh éagsúla a bhí lagtha amach ag ionad Skirmish dóibh. Bhreathnaigh gach éinne an-ghreannmhar san colaith cosainte. Bhí an t-ádh linn go raibh an ghrian ag taitneamh ar an lá agus nach raibh sé fuar. Tá an spéis ag na déagóirí an paintballing a dhéanamh arís – tá súil againn é a dhéanamh roimh deireadh na bliana.

 

 

Turas go W5 2009:

 

Le haghaidh turas lae Óg-Ógras mí na Samhna 2009 chuaigh clubanna Laighean go W5 i mBéal Feirste. Is ionad idirghníomhach eolaíochta do pháistí é W5. Bhuaileamar le clubanna cúige Uladh agus muid i mBéal Feirste. Chaitheamar an la ag bogadh tríd ó úrlár go úrlár ag baint trial as na taispeántais ar fad. Tá beagnach 200 taispeántais san ionad gur féidir súgradh leo, ina measc maignéidí, lego ollmhór, treallamh fuaime agus físe agus go leor eile. Bhí lón ar fáil dúinn san ionad chomh maith. Bhí breis is 200 baill de chlubanna Óg-Ógras ó cúige Laighean agus cúige Uladh i lathair ar an lá agus bhain gach éinne – páistí agus ceannairí an-taitneamh as an turas.

 

Lá Óg-Ógras Laighean:

Bhí lá Óg-Ógras Laighean ar siúl againn ar an 17ú Samhain 2007. Chuaigh baill ó óg-chlubanna Cúige Laighean go dtí an ENRG Playcentre i Rath Chúl. Bhuaileamar ar fad le chéile ag an ionad agus chuaigh na daltaí ar fad díreach isteach chun súgradh.

Bhí an-chuid sleamhnán ansin agus áiseanna éagsúla ar nós balla ailleadóireachta san ionad, agus bhí seans ag gach duine dul orthu.

Fuaireamar lón san ionad ansin. Bhí ocras an diabhail ar gach éinnei ndiaiadh cúpla uair an chloig a chaitheamh i mbun lúthchleasaíochta.

Sula fhágamar an ionad bronnadh mála beag ar na daltaí ar fad, le cúpla milseáin, leabhair dathú agus pinn daite ann. Bhí roinnt daoine an-tuirseach ar an mbus abhaile ach bhain gach éinne taitneamh as an lá.

 

 

Lá Óg-Ógras Laighean 26ú Aibreán 2008:

Tháinig clubanna chúige Laighean le chéile don Lá Óg-Ógras ar Satharn 26ú Aibreán. Chaitheamar lá san Cavan Crystal Maze. I rith an lae bhí imeachtaí éagsula ar siúl againn - dúshlán fisiceacha, dúshlan intinne agus dúshlan scil.

Chomh maith le sin bhí siúlóid go barr sliabh, áit ina bhfuil uaigh fathach suite ag an mbarr. Roimh dul abhaile chuamar ar fad go Coill Dún an Rí le cúrsa treodóireacht a dhéanamh. Thaitin an lá go mor le gach éinne.

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras