ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Ógras Poll

online surveys

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Twitter!

Imeachtaí Ógras

 

Paráid Oíche Shamhna ag an Scléip

Lean na nasc thíos le físeán beag a fheiceáil d'Ógras ag glacadh páirt san paráid ag an Scléip i mbliana

Brú anseo le eolas breise a fháil

Campaí Samhraidh

Radharc i: English

scléip na hóige

Bíonn Scléip na hÓige ar siúl mar chuid de Oireachtas na Samhna gach bliain.

Oireachtas don aos óg atá ann, ag cur thar maoill le himeachtaí, cluichí, ceardlanna, spórt, céilithe, díospóireachtaí, comhluadar, cairdeas agus craic.

 

Scléip 2012

I mbliana bhí Scléip na hÓige ar siúl i Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall. D'fhreastal baill Ógras ar imeachtaí an Scléip chomh maith le páirt a ghlacadh san paráid ar Oíche Shamhna i nDoire. Tá físeán beag thíos den pharáid;

 

http://www.youtube.com/watch?v=MHSjaHunznY

 

 

 

 

Scléip na hÓige 2008

Bhí Scléip na hÓige ar siúl ón  28 – 31 Deireadh Fómhair 2008 i gCorcaigh le linn Oireachtas na Samhna.  D’fhreastal os cionn 600 scoláire ar na himeachtaí le rannpháirtíocht ó Ógras,  Cumann na bhFiann, Spleodar, Feachtas agus Óige na Gaeltachta. Tháinig baill de chlubanna Ógras ó gach cúinne den tír le páirt a ghlacadh in imeachatí Scléip na hÓige.

Cuireadh tús leis na himeachtaí ar an Mháirt, 28 Deireadh Fómhair, le Seó Zak Powers agus céilí, le cabhair ón Chumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i Halla na Cathrach.

Ar maidin Dé Céadaoin tugadh deis do na hógeagrais a gcuid imeachtaí féin a reáchtáil thart ar cheanntar Corcaigh.  Reáchtáladh clár mór imeachtaí ar an gCéadaoin – Craobh Díospóireachta an Oireachtais ; Tráth na gCeist – spraoicheist idir na hógeagrais le go leor spotduaiseanna; Taispeántas Drámaíochta  “Teilifís na Físe” le Rachel Ní Fhionnáin; Ceolchoirm le “Fiach” agus Dioscó le Rónán Mac Aodha Bhuí,  ó “Géill Slí”, i Halla na Cathrach.

Lean an spraoi maidin Déardaoin  i gClochar na Toirbhrithe, le Comórtais Spóirt idir na hógeagrais – Peil, Cispheil, Sacar, Eitpheil, Tarraingt Téada agus Cluichí Craiceáilte. Reáchtáladh ceardlanna ann chomh maith – Rince ar an Sean-Nós, Drumaí  Samba, Draíocht, Scileanna Sorcais agus Dramaíocht. Bhí TG4 i láthair le taifead a dhéanamh ar na himeachtaí  don nuacht an oíche sin. Tráthnóna Déardaoin cuireadh tús le comórtais daoine óga le Comórtas Seó Ardán i Halla na Cathrach. Oíche Déardaoin bhí taispéantas ó Na Cabóga – grúpa drumadóireachta ó iarthar Chorcaí ag seinm  drumaí Afracacha an shona agus djembé. Chun críoch a chur leis an Scléip bhí Céilí Mór leis an ngrúpa cáiliúil Téada.

 

Scléip na hÓige 2007

Bhí Scléip na hÓige 2007 ar siúl i gCathair na Mart agus ghlac muintir Ógras páirt sna himeachtaí ón 31ú Deireadh Fómhair go dtí an 2ú lá de mhí na Samhna.Nuair a shroicheamar Cathair na Mart ar tráthnóna Chéadaoin ghlacamar páirt i bParáid Scléip na hÓige.Bhí gach éinne ó na heagraíochtaí éagsúla gléasta don pharáid agus shiúileamar timpeall baile Chathair na Mart.Ina dhiaidh sin bhí taispeántas Zac Powers ann in Óstán Castlecourt , seó ina cuireadh roinnt den lucht féachanna faoi dhraíocht agus a rinne amadáin dóibh féin ar an stáitse.Taispeántas an-ghreannmhar a bhí ann agus thaithin sé le gach duine.Oíche Céadaoin bhí dioscó ann do na hógeagrais ar fad le muintir Géill Slí, RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag soláthar an cheoil.

Lá spraoi a bhí ann ar an Déardaoin, chaitheamar an maidin i dTeach Westport ag imirt cluichí craiceálta agus i mbun imeachtaí ar an uisce cosúil leis an Slippery Dip agus Cadhacáil.Maidin spraoiúil a bhí ann agus bhain gach duine taitneamh as na himeachtaí éagsúla.Níos déanaí sa tráthnóna bhí comórtais éagsúla ann idir na hógeagrais difriúla cosúil le díospóireacht, spraoi cheist agus seó ardáin.Ar oíche Déardaoin bhí an Máimín Cajun Band ag seinnt i Halla Cathair na Mart agus bhain na daltaí sult as an gceol agus an damhsa.

D'imigh na hógeagrais eile abhaile ar maidin Aoine toisc gur tháingeadar go scléip lá níos luath ná Ógras mar sin bhí imeachtaí eagraithe ag Ógras do na daltaí an lá sin.Caitheamar maidin i Delphi ag glacadh páirt in imeachtaí ar thalamh agus ar uisce.Ina dhiaidh sin bhí am saor ag gach éinne i gCaisleáin an Bharraigh roimh buaileadh le chéile arís ag ionad badhlála Caisleáin a'Bharraigh le cluiche a bheith acu.I ndiaidh dinnéar an oíche sin chuaigh gach duine go dtí an óstán T.F Royal áit gur bhuail draíodóir leo agus thaispeáin cúpla cleas dóibh agus ansin bhí dioscó acu le dj ó Gaillimh i gceannas ar an gceol.

Turas suimiúil agus lán de spóirt agus spraoi a bhí ann, ní raibh éinne ag iarraidh filleadh abhaile. Táimid ar fad ag súil go mór don chéad turas eile go háirithe Scléip na hÓige 2008 a bheidh ar siúl i gCorcaigh.

 

Campaí Samhraidh 2013

Tá roinnt dátaí agus ionad chomh maith le foirmeacha iarratais ar fáil anois ar an suíomh. Tuilleadh le teacht go luath.

Tuilleadh eolas ar fáil anseo

 

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras