ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie
Bheidh Cluichí Tailtean Ógras ar siúl i nGaillimh i mbliana ón 23 - 25 Aibreán. Beimid ag fanacht i mbrú Sleepzone agus beidh na himeachtaí ar fad a siúl i Coláiste Mhuire.
Radharc i: English
I 2008 bhí trí Lá Óg-Ógras i gCúige Uladh, bhí an chéad ceann i bPáirc Tuaithe an Chreagáin i nDoire áit a ghlac clubanna ó Contaethe Dhoire, Dhún na nGall agus Aontrom páirt i gcluichí fóirne , tar éis an lón d’oibrigh siad i ngrúpaí le raftaí móra a thógáil ag baint úsáid as rópaí, bairillí agus adhmaid.
Nuiar a bhí sé sin déanta acu bhí rás mór timpeall an loch. Bhí lá íontach ag na baill – go háirid iad sin a ghlac an dúshlán ag deireadh an lae le léim 20 troigh a thógáil ón ché isteach san uisce!
Bhí dhá thuras againn i mí na Samhna ceann go dtí Leisureland ar an Chaisleán Dearg agus an Phictúrlann, agus ceann eile go dtí W5 i mBéal Feirsde. Bhí an-lá ag páistí ón tSrath Bán ag An Chaisléan Dearg, ag spraoi ar na dodgems agus na marcaíochtaí go léir agus bhain siad fhéin agus na ceannairí an-sult as High School Musical ina dhiaidh sin. An tseachtain dár gcionn chuaigh baill ó Rann na Feirsde, Dún Phádraig agus Béal Feirste go dtí Ionad Oddesy áit a chaith muid an lá ag W5 agus arís ag an bpictúrlann. Ba é seo an chéad uair ag Ógras i W5 agus bhí sé thar cionn – cé gur ionad eolaíochta é ní raibh sé cosúil le scoil nó iarsmalann ar bith – bhí na páistí ag rith thart agus ag imirt le maighnéadaí, leictreachas, ábhar tógála, fuaim agus scannánaíochta. Bhí na ceannairí fiú ag imirt leis an luascán ullmhór agus leis an teicneolaíocht álainn a bhí san áit. Gan dabht beidh muid ar ais anseo arís sula bhfad.
Buníodh Club Ógras Rann na Feirsde i Meán Fómhair, 2008 le deis a thabhairt do iarr-bhaill an club Óg-Ógras theacht le chéile. Tháinig coiste an chlub chuig Ógras ag lorg smaointe le fócus a thabhairt don 13 baill agus deis a thabhairt dóibh tabhairt faoi thionscadal úr. D’éirigh le hÓgras maoiniú €7,500 a fháil ó Ealaín na Gaeltachta le tabhairt faoi tionscadal ealaíne leis an t-ealaíntóir aitheanta Ian Joyce. Thosaigh an tionscadal ag tús Mí Feabhra agus tá sé beagnach críochnaithe anois.
Tá trí ghné leis an tionscadal seo:
Tugadh faoin obair go háitiúl i Rann na Feirsde agus i stiúdió Cló Cheardlann an Chnoic i nGort a’Choirce.
Tá sé i gceist go mbeidh an píosa amharc-ealaíne crochta in Áislann Rann na Feirsde atá á thógáil faoi láthair. Beidh an tábhar taifeadadh le feiceáil agus le cloisteáil in ionad oidhreachta an ionaid. Is anseo a bheidh an chlub óige lonnaithe nuair a osclaitear é agus tá muid ag súil go dtabharfaidh taispeáintas an obair seo úinéireacht do na daoine óga in san áislann agus go dtabhfaidh sé léirsiú maith do mhuintir na háite agus do chuairteóirí ar an obair mhór atá ar siúl sa chlub óige. D’fhoghlaim na baill go leor scileanna ealaíne nua agus tháinig forbairt mhór ar féin-mhuinín na ndéagóirí is iad ag obair le chéile san tionscadal seo.
Os rud é go bhfuil ag éirigh chomh maith sin leis an scéim seo tá sé i gceist againn iarrataisí a chuir isteach do chlubanna eile ar fud na Gaeltachtaí an bhliain seo chugainn.
Tá dhá Lá Óg-Ógras beartaithe do chlubanna Chúige Uladh an mhí seo. Beidh clubanna Thír Eoghain agus Dhún na nGall ar cuairt ar Leisureland sa Chaisleán Dearg ar 8ú Samhain áit a mbeidh siad in ann dul fíán ar na marcaíochtaí, na h-ionad liathróide agus na dodgems. Tar éis dúinn lón a ithe ansin beidh muid ag dul go dtí an phictúrlann i Leitir Ceanainn.
Beidh na baill i gCo Dhoire agus Co. Aontroma ag freastal ar Lá Óg-Ógras ar 15ú Samhain i W5 in ionad Oddessy Bhéal Feirste. Is ionad idirghníomhach eolaíochta é seo atá díreach do pháistí (seasann W5 do who, what, where, why agus how). Tá cúig úrlár i W5 agus is féidir leis na páistí bheith ag foghlam fad is atá siad ag spraoí le maighnéad, lego ollmhór, treallamh fuaime agus físe agus go leor, leor eile! Bíonn go leor taispeáintaisí ar siúl chomh maith mar sin beidh deis ag na h-eolaí óga cabhrú le triallacha craiceáilte a dhéanamh. Tar éis dúinn ár lón a ithe beidh muid ag dul chuig an phictúrlann atá suite san ionad céanna.
Pé turas a théann na páistí ar is cinnte go mbeidh lá íontach acu!
I mí Deireadh Fómhair thaisteal clubanna as Cúige Uladh go Doire le páirt a ghlacadh i Lá Óg Ógras. Bhuail muid le chéile i bPáirc Tuaithe an Chreagáin le tabhairt faoi lá eachtraíochta. Bhí muid sa pháirc seo anuraidh agus bhain na páistí an-sult as ach an uair seo bhí muid chun tabhairt faoi imeachtaí i bhfad níos dúshlánachaigh.
Thosaigh muid an lá leis na clubanna ag meascadh le chéile i ngrúpaí agus ag baint úsáid as bairillí móra plaisteach, adhmaid agus rópaí le raftaí móra a dhéanamh. D'oibrigh na páistí go maith lena chéile len é seo a dhéanamh agus bhí i neart ceannairí thart le lámh cúnta a thabhairt. Ina dhiaidh sin thug na páistí faoi cluichí dúshlánach a chothaí obair foirne, deis a bhí anseo le aithne níos fearr a chuir ar a chéile agus scileanna éagsúla a fhoghlaim nó a fhorbairt. Bhí sos toilte ag na páistí ina dhiaidh sin ach ní raibh am ar bith ann tar éis an lón le scíth a ligeann agus ar aon nós ní fhéadfadh na páistí fanacht leis na raftaí a chuir amach ar an loch.
Bhí rásaí eagraithe i mbabhtaí, bhí ar na páistí rabháil trasna an loch agus ar ais arís. Seo an uair a chonaic muid cé na grúpaí a rinne obair mhaith ag tógáil na raftaí mar ní chuile rafta a mhair an turas. Ní fada go raibh barillí scaoilte ag snámh ar an loch agus páistí beaga báite á dtarraingt ón uisce! Bhí siad fuar, bhí siad fliuch - ach ní fhéadfaidís fannacht len é a dhéanamh arís!
Nuair a bhí na comórtaisí rásaíocht thart bhí chuile dhuine iontach sásta leo fhéin ach bhí níos mó le theacht. Tugadh an deis do na páistí léim ón cé (4 mhéadar os cionn an loch) isteach san loch (beagnach 4 mhéadar i ndoimhneach). Níor shíl muid go mbeadh na páistí sásta é seo a dhéanamh mar bhí cumadh an-scanrúil air cé go raibh seacéadaí tárthála ar na bpáistí go léir agus fir i mbáid ag fanacht faoin ché len iad a tharraingt isteach. Ach tá baill óga Ógras an-chrógadh agus ní fada go raibh scúine fada páistí ag fanacht leis an deis le léim isteach. Ní raibh na ceannairí leath chomh crógadh, ní amháin nar léim duine ar bith acu isteach ach is ar éigin a bhféadfaidís breathnú ar na páistí ag tabhairt faoin dúshlán mór seo. Gan dabht ar bith bhí na páistí préachtaí faoin am a chríochnaigh siad ach bhí siad chomh bródúil dóibh fhéin is iad ag rith ar ais go dtí an ionad.
Bhí lá iontach againn go léir an lá sin agus ní féidir linn fanacht le bheith ar ais arís ag an chéad lá Óg Ógras eile.

Bhí ceiliúradh 40 bliain ar an saol ag Ógras, óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge, ar an 17ú Samhain 2009. Bhí sé ar siúl san Button Factory i mBarra an Teampaill, bhí slua mór ann ar an oíche agus bhaineamar ar fad an sult as. dfgdfghdfgdh ogras 2010
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility