ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie
Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.
Radharc i: English
"Tús maith leath na hoibre" agus ní haon eisceacht é bunú chlub óige de chuid Ógras. Ná bígí ag brostú, déan fiosruithe, pleanáil agus réamhobair agus faigh tacaíocht ó fhoireann Ógras. Seo roinnt treoracha daoibh agus sibh ag déanamh fiosruithe faoi chlub óige a bhunú.
- gur féidir spóirt a imirt ann
- aimsigh ceathrar fásta (treoraithe) le Gaeilge, a bheadh sásta cabhrú leis an chlub óige. (Trí Choiste Pobail, Gaelscoil, Conradh na Gaeilge, Coiste Ghlór na nGael, scoileanna nó eile.)
- Oifigeach Ógras a fháil le cúrsa "cur in aithne" a thabhairt do na hábhair treoraithe agus na hábhair ceannairí
Anois táimid réidh don chéad chéim eile: An scéal a scaipeadh i measc an phobail. Is cinnte go bhfuil sé níos éasca club óige a reachtáil gan a lán baill ach ní bhíonn an chraic chéanna ann. Abair leis an domhan mór go bhfuil club óige le bunú in bhur gceantar agus eagraigh cruinniú poiblí chuige sin. Faigh Oifigeach d'Ógras le labhairt ag an gcruinniú.
Anois tá sibh réidh len bhur gclub óige féin a thosú agus de ghnáth maireann an club-bhliain 32 seachtain. Bígí cinnte tús maith a chur leis agus go mbeidh treoraithe agus na tuismitheoirí ón róta i láthair. Go n-éirí libh!
I gcás club óige d'Óg-Ógras a bhunú, níl na deacrachtaí céanna i gceist ach ní mór daoibh a bheith ullamh don phléascadh fuinnimh sin atá ag gasúir óga. B'fhiú go mór do gach club óige d'Ógras, club óige d'Óg-Ógras a bhunú.
Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility
