ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie
Chuaigh baill ó clubanna Ógras Laighean go Skirmish paintballing ar an 8ú Bealtaine. Caitheadar an lá ag imirt in aghaidh a chéile. Bhí ann spraoi acu agus chuaigh gach éinne abhaile clúdaithe le péint. Tá súil againn dul ar ais arís go luath.
Radharc i: English
Ar choiste an chlub óige de ghnáth bíonn na baill díograiseacha úda atá sásta roinnt oibre a dhéanamh "ar son na cúise!!" an fhad is atá gach éinne eile ina suí ar a dtóineacha bréatha Gaelacha. Is fearr na ceannairí seo a roghnú / thoghadh ar an gcoiste agus a ligint dóibh obair na n-oifigeach a roinnt eatarthu féin. Is fearr i gcónaí baill le cumas cinnireachta iontu a bheith ar an gcoiste agus is féidir oifigigh breise a chur ar an gcoiste fé mar atá gá agaibh leo. De ghnáth, ar an gcoiste bíonn Cathaoirleach, Rúnaí, Cisteoir, Oifigeach Poiblíochta, Oifigeach Spóirt agus Treoraí le dualgaisí den chineál seo...
De ghnáth ní bhíonn coiste nó leabhar cruinnithe ag club d'Óg-Ógras ach bíonn cruinnithe neamhfhoirmeálta acu d'fhonn na baill a choimeád ar an eolas faoi imeachtaí an chlub óige. Is féidir le treoraí cuntaisí an chlub óige a choimeád sa leabhar bhallraíochta.
Go n-éirí libh!

Beidh Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath ar súil ar Aoine an 24ú Méan Fómhair 2010. Beidh Ógras in éineacht le an-chuid eagraíochtaí Gaeilge eile ag glachadh páirt i spraoi na hoíche. Le tuilleadh eolais brú ar an nasc thíos.
Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility