ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nuachtlitir Liostal anseo - Newsletter

Join OGRAS on

Join OGRAS on Facebook!Join OGRAS on Bebo!

Imeachtaí Ógras

Turas na Déagóirí

Chuaigh baill ó clubanna Ógras Laighean go Skirmish paintballing ar an 8ú Bealtaine. Caitheadar an lá ag imirt in aghaidh a chéile. Bhí ann spraoi acu agus chuaigh gach éinne abhaile clúdaithe le péint. Tá súil againn dul ar ais arís go luath.

Tuilleadh Eolais

Scléip na hÓige

Radharc i: English

Lámhleabhar Ógras

Ag riaradh Club Óige

Le raic agus craic an chlub óige, is minic a chuirtear cúrsaí riarachán an chlub óige ar an méar fhada nó scríobhtar liosta na mbaill ar bhlúiríní páipéir. Ach tá ré úr chugainn anois agus tá Ógras ag cur na leabhair agus na hábhair seo a leanas ar fáil le cabhrú libh i mbun bhur gcuid oibre.

Leabhar ballraíochta

  • ainm, seoladh, uimhir fón agus dáta breithe gach ball
  • clárú gach oíche
  • róta tuismitheoirí

Leabhar cruinnithe

  • plean bliana an chlub óige
  • tuairisc ar chruinnithe míosúla
  • cuntais (ar chúl an leabhair)

Leabhar gearrthóga

  • stair an chlub óige i bhfoirm ealaíne, grianghrafanna
  • bunús chomórtas Óige na Gaeilge

Lámhleabhar chlub óige

  • spriocanna an chlub óige
  • conas club óige a bhunú agus a reachtáil
  • cluichí boird, drámaí, cluichí cainte, cluichí gan fearais
  • pleanáil

Póstaer

  • póstaer Ógras le spás d'imeacht an chlub óige air.
  • póstaer pleanála: oíche,mí agus bliana an chlub óige.

Is cuma más cluiche peile nó húlaí na Nollag atá á reachtáil agaibh sa chlub óige caithfidh sibh tabhairt faoi ar shlí éifeachtach. In Ógras tá muid sásta glacadh le cabhair ó aon duine m.sh. baill, a dtuismitheoirí, treoraithe agus cairde. Le roinnt comhoibriú agus comhordú i measc na noifigeach is féidir club óige beo bríomhar a chruthú. Baill Treoraithe Coiste na nÓg Tuismitheoirí Cruinniú Míosúil

Imeachtaí

Reachtálann an coiste, an club, le treoir agus tacaíocht ó na treoraithe. Tugann tuismitheoirí tacaíocht nuair is gá, agus cinntíonn an róta go mbíonn tuismitheoirí éagsúla i láthair gach seachtain agus nach mbíonn ar éinne freastal ach uair nó dhó.

Oíche Chultúir 2010

Beidh Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath ar súil ar Aoine an 24ú Méan Fómhair 2010. Beidh Ógras in éineacht le an-chuid eagraíochtaí Gaeilge eile ag glachadh páirt i spraoi na hoíche.  Le tuilleadh eolais brú ar an nasc thíos.

Tuilleadh eolais

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility