ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Bebo!

Imeachtaí Ógras

 

Cúrsaí Ceannaireachta

Tá cúrsaí ceannaireachta á chuir ar siúl timpeall na tíre agus beidh tuilleadh cúrsaí san athbhliain. Choinnigh súil ar ár suíomh le eolas a fháil nó déan teagmhál leis an oifigeach forbartha i do réigiún.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Malartú Óige

Radharc i: English

nuacht

Cúrsaí Ceannaireachta (úsdátú déanta 22/11/11)

Tá cúrsa ceannaireachta eagraithe don Satharn, 26ú Samhain 2011 do cheannairí Laighean. Beidh sé ar siúl in Oifig Ógras, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ó 9:30r.n. go 3:30i.n. Clúdóidh an chúrsa Ról an cheannaire, Árachas agus cosant leanaí, Pleanáil sa chlub, Forbairt an ógánaigh agus rannpháirtíocht sa chlub.

Beidh cúrsa ar siúl ar Satharn, 3ú Nollaig 2011, san Mullach Bán, Co.Ard Mhaca chomh maith.

Óg-Rás, Ócáid Tiomsaithe Airgid d'Ógras (úsdátú déanta 4/10/11)

Tá Bailiúcháin Náisiúnta á n-eagrú ag Ógras don 22 Deireadh Fómhair 2011. Is ócáid é seo do Chlubanna agus Coistí Ógras ar fud na tíre agus tá lán fáilte roimh shean agus óg teacht amach le bheith páirteach linn ar an lá, chun tacaíocht a thabhairt ar mhaithe leis an nGaeilge agus ar mhaithe leis an Óige.

Beidh duais don bhall d'Ógras agus don bhall d'Óg-Ógras a mbeidh an méid is mó airgid bailithe acu i ngach reigiún. Is bealach é seo chun airgead a bhailiú don chlub chomh maith mar beidh 1/3 den airgead ag dul don chlub agus 2/3 d'Ógras.

Beidh na hOifigigh Forbartha i dteagmhál libh mar gheall ar na himeachtaí a bheidh ar súil i do réigiún ach is féidir libhse teagmhál a dhéanamh leo chomh maith ar na huimhreacha seo:

Cúige Uladh - 074 9560436, Cúige Chonnacht - 091 564376, Cúige Mumhan - 087 2194992 agus Cúige Laighean - 01 4751487

 

Oíche Chultúir Áth Cliath 2011 (úsdátú déanta 12/09/11)

Beidh Oíche Chultúir Áth Cliath 2011 ag tarlú ar an 23ú Meán Fómhair. Beidh an-chuid imeachtaí ar siúl i gCeannáras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fherchair, Baile Átha Cliath 2, ar an lá agus tá súil againn sibh uilig a fhecieáil ann. Beidh cluichí spraoi do pháistí idir 5 - 11 bl. d'aois ag tosú ag 3:00i.n.

Turas Idirnáisiúnta (úsdátú déanta 12/09/11)

Beidh grúpa daoine óga ó Ógras ag eitilt trasna go Bilbao ar an 21ú Meán Fómhair 2011 ar feadh cúpla lá áit go mbeidh siad  ag meascadh le grúpaí/eagraíochtaí óga eile. Agus iad ansin beidh siad ag glacadh páirt in imeachtaí agus ceardlann éagsúla. Chomh maith le sin beidh siad ag tabhairt taispeántas ar phíosa ealaíne atá siad i ndiaidh bheith ag obair ar le cúpla seachtain anuas.

 

 

Daoine á lorg le ceardlann a dhéanamh trí Ghaeilge (úsdátú déanta 17/05/2011)

A chairde,

Táimid ag iarraidh liosta a chuir le chéile do dhaoine a dhéanann ceardlann i nGaeilge agus táimid ag lorg cabhair uaibhse teacht ar dhaoine. Má tá tú féin in ann aon cineál ceardlann a chuir ar siúl trí Ghaeilge do chlubanna de chuid Ógras m.sh damhsa, ceol, ealaíon, cócaireacht, drámaíocht, eolaíocht srl. nó má tá aithne agaibh ar éinne atá in ann seo a dhéanamh agus a bheadh sásta é a dhéanamh, an mbeifeá in ann ríomhphost a chuir go eolas@ogras.ie le d’ainm, d’uimhir teagmhála agus an scil atá agat bheinn fíor-bhuíoch.

Mile buíochas,
Ógras

 

 

 

Fíbín ag cuartú Aisteoirí Óga!   (10/05/2011)                              

 Fíbín ag cuartú aisteoirí óga ó cheann ceann na tíre chun páirt a ghlacadh sa SárScoil Dhrámaíochta Fíbín.  Is comhlacht drámaíochta Gaeilge é Fíbín, atá lonnaithe i nGaeltacht Chonamara, agus tá an comhlacht ag iarraidh deis a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga ón nGalltacht agus ón nGaeltacht sárchúrsa drámaíochta trí mheán na Gaeilge a dhéanamh an samhradh seo.  Gheobhaidh na daoine óga taithí fhíorluachmhair agus iad faoi oiliúint an scríbhneóra/stiúrthóra Paul Mercier (Stiúrthóir den sraith Aifric ar TG4) le linn na ceardainne a chuirfear ar fáil, beidh deis acu feabhas ar a gcuid scileanna aisteoireachta. Gheobhaidh na daltaí deis iontach teacht le chéile chun drámaíocht as Gaeilge a dhéanamh in aon áit amháin.  Beidh Fíbín ag socrú éisteachtaí timpeall na tíre, chun na haisteoirí óga is fearr a roghnú don gceardlann samhraidh.  Beidh an chéad bhabhta ar siúl ar fud na tíre i Mí na Bealtaine  , beidh na héisteachtaí deireanacha i lár Mhí Meithimh agus beidh an Sár-Scoil Drámaíochta ar siúl idir 5 – 16 de Mhí Iúil.

Eolas Riachtanach faoin Sár-Scoil Drámaíochta

Beidh an Sár-Scoil Dhrámaíochta ar oscailt le haghaidh mac léinn idir 15 – 17 mbliana d’aois ar an 1 Meán Fómhair.  Caithfear Gaeilge líofa a bheith ag na mic léinn, agus suim mhór sa drámaíocht ar ndóigh!

Éisteachtaí

Beidh éisteachtaí ar siúl i gConamara, i nGaillimh, i Sligeach, i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i gCiarraí agus i nDún na nGall idir 10 -27 Bealtaine. 

Dáta

Baile/Cathair

Áit

Am

11/5/11

Conamara

Seanscoil Sailearna

5-8in

12/5/11

Conamara

Seanscoil Sailearna

5-8in

14/5/11

Gaillimh

Town Hall Theatre

10-2rn

18/5/11

Ciarraí

An Lab, Sráid Eoin, AN Daingean

4-8in

19/5/11

Corcaigh

Jurys Inn

5-8in

20/5/11

Baile Átha Cliath

Conradh na Gaeilge

5-8in

21/5/11

Baile Átha Cliath

Conradh na Gaeilge

10rn-4in

22/5/11

Baile Átha Cliath

Conradh na Gaeilge

10rn-4in

26/5/11

Sligeach

Sligo Park Hotel

5-9in

27/5/11

Dún na nGall

An Chúirt, Gaoth Dobhair

5-9in

 Tuilleadh Eolais

Beidh air gach mic léinn CV a sholáthar dúinn le griangraf agus aon taithí drámaíochta mas féidir.  Is féidir leo an CV a sheoladh chuig: Méabh NicAlastair, Fíbín Teo., na hAille, Indréabhán, Co. na Gaillimhe.  Chun tuilleadh eolais a fháil ar an Sár-Scoil Fíbín, déan teagmháil le Méabh NicAlastair ar meangadh@gmail.com nó glaoch a chur ar an oifig ar 091-505855.

 

 

Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath 2010

I mbliana beidh Oíche Chultúir Átha Cliath ar siúl ar Aoine an 24ú Méan Fómhair. Beidh cheiliúradh mór ag tarlú i gCeannáras Chonradh na Gaeilge ar an lá/oíche seo. Beidh Ógras ag oibriú i bpáirt le Chonradh na Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile - Club Chonradh na Gaeilge, An Coimisiún le Rincí Gaelacha, Comhluadar, Glór na nGael, Oireachtas na Gaeilge, An Siopa Leabhar agus Forbairt Naíonraí ina measc le lá iontach a chuir ar fáil don phobal. Beidh imeachtaí éagsúla i mbun i rith an lae do gach aois ghrúpa agus táimid cinnte go mbainfidh sibh ar fad an sult as gach rud.

Feicfidh sibh thíos amchlár na n-imeachtaí, ná déanaigí dearmad go bhfuil na himeachtaí ar fad saor in aisce ach gur gá daoibh áit a chuir in áirithint roimh ré trí ghlaoch a chuir ar (01)4757401.

 

 

AMCHLÁR NA N-IMEACHTAÍ @ CONRADH NA GAEILGE, 6 SRÁID FHEARCHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH 2:

AM

IMEACHT

EAGRAITHE AG

5.00 – 11.00in

Gach 20 nóiméad

Turas Staire Treoraithe ar an gCeannáras

Conradh na Gaeilge

5.00 – 11.00in

An tOireachtas: Spléachadh Siar

Taispeántas de ghrianghraif a thóg Clive Wasson ag féilte Oireachtais éagsúla ó 2004 i leith

Oireachtas na Gaeilge

i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

 

 

 

5.00 – 10.00in

Sladmhargadh

An Siopa Leabhar

 

 

 

5.00 – 7.00in

Ciorcal Comhrá do Dhaoine Fásta

Glór na nGael

i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

5.00 – 7.00in

Gearrscannáin na Gaeilge

Club Chonradh na Gaeilge

 

 

 

6.00 – 7.00in

Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí

(2 – 5 bliana d’aois)

Forbairt Naíonraí Teoranta

6.00 – 7.00in

Cluichí agus Spórt trí Ghaeilge do Pháistí

(6 – 12 bliana d’aois)

Ógras

6.00 – 7.00in

Rang Rince do Dhaoine Óga (12 – 18 mbliana d’aois)

An Coimisiún le Rincí Gaelacha

 

 

 

7.00 – 8.00in

Ceardlann Cheoil & Scríobh Amhrán

Seachtain na Gaeilge

 

 

 

7.00 – 9.00in

Rang Gaeilge do Dhaoine Fásta

Conradh na Gaeilge

 

 

 

8.00 – 9.00in

Language Transmission From Generation to Generation

Caint le Finlay MacLeod, CNSA, Alban

Eagraíonn cúrsaí Gàidhlig ‘san Dachaidh / Gaelic in the Home

Comhluadar

 

 

 

9.00in

Taispeántas Rince

An Coimisiún le Rincí Gaelacha

i gcomhar le Club Chonradh na Gaeilge

 

 

 

9.00 – 11.00in

Amhránaíocht agus Siamsa na hOíche

Club Chonradh na Gaeilge

i gcomhar le Oireachtas  na Gaeilge

 

 

 

 

 

Ceiliúradh 40 Bliain 

Tá Ógras, óg-eagraíocht Chonradh na Gaeilge, ag ceiliúradh 40 bliain ar an saol i mbliana.

Beidh ócáid cheiliúrtha ar siúl sa Button Factory, Barra an Teampaill, ag 8:00i.n. ar an Mháirt, 17 Samhain chun bhunú an eagrais a chomóradh. Bronnfar gradaim aitheantais ar na haonaid éagsúla den eagras ar an oíche agus beidh ceol agus siamsíocht ar siúl le Club Sonas ina dhiaidh.

Ón tús chuaigh Ógras i mbun obair cheannródaíochta i saol óige na Gaeilge. Eagraíodh imeachtaí ar nós Cluichí Oilimpeacha Ógras, Tionól Ógras ag an Oireachtas, Díospóireachtaí Ógras agus Campaí Samhraidh ar fud na tíre. Fiú eagraíodh cúpla imeacht idirnáisiúnta de réir mar a chuaigh na bliana thart agus ag tráth amháin sna hOchtóidí d'fhreastal tinreamh as Ógras ar an Féile Óige Domhanda i Moscó sa Rúis. Bhí teagmháil i gcónaí ag Ógras leis na tíortha ceilteacha eile agus ó am go ham bhí tionscnamh ar siúl le eagrais san tíortha sin - ar nós an URDD sa Bhreatain Bheag, Cumann na Gaidhlige in Albain agus grúpaí sa mBriotáin freisin.

Sa tréimhse sin, d'fheidhmigh sé mar óg-eagras ceannródaíochta i saol na Gaeilge. Bhí baill agus timirí ag tógáil páirt i bhfeachtais éagsúla - cearta teanga, cearta Gaeltachta, feachtas cláracha Gaeilge ar RTE agus go leor eile lena chois.

Leanann Ógras ar aghaidh leis an obair don óige agus don Ghaeilge sa 21ú aois.

Tá súil agam féin agus ag Coiste Stiúrtha Ógras go mbeidh tú ábalta bheith linn ar an oíche. Chun cuireadh a fháil nígá duit ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@ogras.ie le do ainm agus seoladh baile nó glaoch ar (01)4751487 / (01)4783913.

 

Cluichí Tailtean 2009 (3/3/09)  

I mbliana beidh Cluichí Tailtean Ógras ar siúl i nGaillimh ón 3 - 5 Aibreán. Bedh baill Ógras ag teacht ó gach cúinne den tír le páirt a ghlacadh san deireadh seachtaine spórt.

Laethanta Óg-Ógrais (3/3/09)

Tá laethanta Óg-Ógais á eagrú timpeall na tíre do mhí Márta. Cuirfear an t-eolas amach chuig na clubanna nuair atá an turas i do réigiún eagraithe.

Beidh clubanna Laighean ag dul go ionad eachtraíochta Kippure i gCill Mhantáin ar an 28/03/09. Chun breis eolas a fháil faoin lá is féidir labhairt le ceannaire do chlub.

Ceardlanna Eagraithe ag Feachtas - Mí na Samhna 2008

Tá trí cheardlann eagraithe ag Feachtas i rith mí na Samhna. Beidh ceardlann scannánaíochta, dramaíochta agus raidió ar siúl:

Ceardlann scannánaíochta: Dé Sathairn 15ú Samhain, 12-3i.n. i Halla Foras na Gaeilge (10 n-áit ar fáil)
 
Ceardlann drámaíochta; Dé Sathairn 22ú Samhain, 12-3i.n. i Halla Foras na Gaeilge (25 áit ar fáil)
 
Ceardlann raidió: Dé Sathairn 29ú Samhain, 9-12i.n. i Stiúdeo Raidió na Life, Foras na Gaeilge (12 áit ar fáil)

Beidh siad ar siúl in Oifigí Fhóras na Gaeilge i gcathair Baile Átha Cliath. 

Má tá suim ag éinne pairt a ghlacadh in aon cheann de na ceardlanna is féidir dul i dteangmhál le Oifig Ógras ar (01)4751487 le form iarratais a fháil.

Turas go dtí an Pholainn

Le gairid chur Ógras isteach ar dheontas faoin  Edgar Otto Thedens Bequest Fund agus ceadaíodh deontas le grúpa daoine óga agus ceannairí as Ógras dhul trasna go dtí an Pholainn ar chuairt.

Beidh an grúpa ag eitilt go dtí an Phólainn maidin Domhnaigh 22 Meitheamh agus ag filleadh ar ais ar Bhaile Átha Cliath tráthnóna Aoine 27 Meitheamh, 2008.

Beidh daoine as Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin, Co. Na Mí, Gaillimh agus Béal Feirste ag dul ar an turas.

Beidh muintir Ógras ag casadh le daoine óga ón  Zespól Szkól w Libiązu –i Libiaz- European Club ‘EUROPAKA’ sa Pholainn.  Beidh  na daoine óga ag plé an tionchur atá ag an Aontas Eorpach ar á saol;  freisin beidh siad ag plé na fadhbanna agus na deiseanna atá ar fáil don óige sa dá thír.  Beidh siad ag déanamh plé agus ag foghlaim conas a bheith gníomhach ina gcomhphobal féin chomh maith le bheith ina mbaill ghníomhach den chomhphobal Eorpach.  Beidh na daoine óga ag foghlaim faoi stair an dá thír agus an tionchur atá aige sin ar mheóin na ndaoine sa lá atá inniu ann.

Ní hobair uilig a bheidh ar siúl acu – beidh turas go Zakopane áit a rachaidh siad ar siúlóid sna sléibhte. Beidh cuairt ar Auschwits and Birkenau agus beidh turas lae le am saor sa phríomh chathair Krakow.

Freisin beidh deis ag na daoine óga páirt a thógáil in sport uisce agus roinnt cluichí a imirt freisin.

Is deis iontach é seo do bhaill Ógras taisteal go tír eile agus aithne a chur ar dhaoine óga sa tír sin agus foghlaim faoina saol, agus eolas a bhailiú faoin tír, faoin chultúr agus feiceáil cad iad na difríochtaí  atá eatarthu chomh maith leis na rudaí atá acu i gcoitinn  lena chéile.

Clár ama sealadach don Phólainn 22 - 27 Meitheamh 2008
  Domhnach 22.06.08 Luan 23.06.08 Márt 24.06.08 Céadaoin 25.06.08 Déardaoin 26.06.08 Aoine 27.06.08
Maidin Bualadh le chéile ag Aerphort BAC agus ag teastáil go Karkow Turas go Zakopane Grúpaí Oibre – Cad a chialaíonn an AE do dhaoine óga in Éirinn/sa Phólainn Grúpaí Oibre – Daoine óga ag cur agallamh ar a chéile maidir le cultúir, teanga & nósanna a dtíortha éagsúla Siúlóid agus imeachtaí eile Taisteal go Krakow agus ag filleadh abhaile
  Lón Lón Lón Lón Lón Lón
Iarnóin Taisteal ar bhus go Liabiaz sa Pholainn Siúlóid tríd sléibhte Tatra Cluichí & Snámh Cuairt ar Auschwits Birkenau Ceardlann – le socrú Ar ais i mBAC
  Dinéar Dinéar Dinéar Dinéar Dinéar Dinéar
Tráthnóna Cur in aithne Ceardlann Dul tríd an chlár ama Ceardlann Teanga Le socrú Am saor Meastóireacht ar an turas  
Oíche   Oíche Chultúrtha Ceoil & Rince ón Phólainn Fistéip Oíche chultúrtha – Ceoil & Rince as Éirinn Dioscó  

Áras an Uachtaráin

Freastlaíonn baill de Choiste Stiúrtha Ógras ar ócáid in Áras an Uachtaráin ar iarratas ón Uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus iar-Uachtarán Latvia, an Dochtúir Vaira Vike Freiberga.

D'fhreastail beirt bhall de Choiste Stiúrtha Ógras - Caoimhín Ó Cadhla agus Cormac Ó Feinneadha - ar ócáid in Áras an Uachtaráin ar an Deardaoin 13 Nollaig 2007.

D'eagraigh an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa an ócáid chun deis a thabhairt d'óige na hÉireann teagmháil a dhéanamh leis an iar-Uachtarán ó Latvia, an Dochtúir Vaira Vike-Freiberga.  Labhair an Dochtúir Vike Freiberga ar an téama "Ídéalacha agus Ideolaíochta".

Is bean den scoth í an Dochtúir Vike-Freiberga agus cainteoir fíor-spéisiúil.  Tarraingníonn a cúlra aird ar leith ar an díospóireacht - mar pháiste bhí sí ina dídeánaí san Eoraip scoilte agus ina dhiaidh sin ina teangeolaí, ina hollamh, ina ball den diaspora fillte d'Oirthear na hEorpa agus ina hiar-Cheannaire Stáit.

I ndiaidh na horáide, tionóladh seisiún de cheisteanna agus freagraí faoi stiúr an Uachtarán Mhic Giolla Íosa agus Dochtúir Vike-Freiberga.  Ina dhiaidh sin, tugadh cuireadh do na haíonna teacht chuig Seomraí Fáiltithe an Stáit san Áras i gcomhair soláistí agus cur i láthair ó na ceoltóirí cáiliúla, Dónal Lunny agus Dúchas.

D'éirigh go hiontach leis an ocáid agus bhain baill Ógras an-sult as ar fad.

Bronnadh na duaiseanna:

Faoi láthair tá bronnadh na duaiseanna do Chomórtas Ealaíne Ógras ag tarlú timpeall na tíre. Tá oíche án-eagrú i gcúige Laighean, Uladh, Connacht agus Mumhan, le bronnadh de trófaí agus duais airgead a dhéanamh ar na buatóirí.

Comórtas Seó Árdáin

Beidh Comórtas Seó Árdáin ag tarlú i ngach réigiún d'Ógras agus Óg-Ógras. Beidh na comórtais ag tarlú i Mí Feabhra 2012, b'fhiú do gach chlub iarratais a chuir ar aghaidh toisc go bhfuil duaiseanna airgead agus corn le fáil.

Brú anseo le eolas breise a fháil

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras