ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nuachtlitir Liostal anseo - Newsletter

Join OGRAS on

Join OGRAS on Facebook!Join OGRAS on Bebo!

Imeachtaí Ógras

Turas na Déagóirí

Chuaigh baill ó clubanna Ógras Laighean go Skirmish paintballing ar an 8ú Bealtaine. Caitheadar an lá ag imirt in aghaidh a chéile. Bhí ann spraoi acu agus chuaigh gach éinne abhaile clúdaithe le péint. Tá súil againn dul ar ais arís go luath.

Tuilleadh Eolais

Scléip na hÓige

Radharc i: English

Seirbhísí Ógras

Na Seirbhísí a chuireann Ógras ar fáil do Chlubanna

  1. Tá ceithre Oifigeach Forbartha lán-aimseartha fostaithe ag Ógras chun comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do cheannairí.
  2. Cuirtear pacáiste eolais ar fáil maidir le Ról an Cheannaire agus conas Plean Oibre a chur le chéile don chlub. Beidh ceann acu seo ar fáil do gach ceannaire d'Ógras tar éis dóibh cúrsa a dhéanamh leis na hOifigigh Forbartha.
  3. Tá Polasaí Um Chosaint Leanaí foilsithe againn i gcomhar le Comhthraenáil. Beidh cúrsaí á n-eagrú do na ceannairí ar fad in Ógras chun iad a chur ar an eolas.
  4. Tá Lámhleabhar maidir le treoirlínte do cheannairí atá ag obair le daoine óga, foilsithe againn freisin agus gheobhaidh gach ceannaire cóip chomh luath agus a dhéanfaidh sé/sí an cúrsa Cosaint Leanaí linn.
  5. Cuirfidh na hOifigigh Forbartha comhairle ar fáil maidir le foinsí airgid - conas deontas a fháil ó rannóga éagsúla nó ó eagraíochtaí ar nós Cumas Teo., Údarás na Gaeltachta, na Comhairlí Contae, na Coistí Gairmoideachais, Léargas agus dreamanna eile.
  6. Cuireann Ógras árachas/clárú an-saor ar fáil - €10 an duine do bhaill Óg-Ógras agus do bhaill Ógras.
  7. Faigheann clubanna atá cláraithe le hÓgras lacáiste iontach ar imeachtaí náisiúnta ar nós Scléip na hÓige, na Cluichí Tailtean, Campa Samhraidh agus Deireadh Seachtaine Eachtraíochta.
  8. Tá deontas €130 le fáil ag clubanna nua-bhunaithe ach iad cloí leis na rialacha seo a leanas: (a) 15 ball ar a laghad (b) cloí le rialacha Ógras.
  9. Eagraíonn Ógras cúrsaí cinnireachta chomh maith le cúrsaí drámaíochta agus díospóireachtaí do cheannairí, d'óg-cheannairí agus do na baill.
  10. Eagraímid Comórtas Óige na Gaeilge le duaischiste de €4,000 - seans eile do chlubanna airgead agus poiblíocht a fháil.
  11. Eagraímid Laethanta Scléip d'Óg-Ógras, seans le áiteanna spéisiúla a fheiceáil ar chostas íseal agus seans bualadh le clubanna eile sa Chontae nó sa Chúige.
  12. Pacáiste Eolais do gach club - Lámhleabhar eolais faoi reachtáil chlub, Leabhair Bhallraíochta, Leabhair Chuntais / Miontuairiscí, Leabhair Ghearrthóga le haghaidh Comórtas Óige na Gaeilge, Leabhair Timpístí & Eachtraíochtaí.
  13. Tá bileoga eolais agus póstaeir ildaite ar fáil le h-eolas faoi Ógras.
  14. Tá T-Léinte Ógras ar fáil ar €5 an ceann.

Oíche Chultúir 2010

Beidh Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath ar súil ar Aoine an 24ú Méan Fómhair 2010. Beidh Ógras in éineacht le an-chuid eagraíochtaí Gaeilge eile ag glachadh páirt i spraoi na hoíche.  Le tuilleadh eolais brú ar an nasc thíos.

Tuilleadh eolais

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility