ógras 6 sráid fhearchair, baile átha cliath 2. guthain (01) 475 1487 ríomh phost eolas@ogras.ie

Nasc OGRAS ar

Nasc OGRAS ar Facebook!Nasc OGRAS ar Twitter!

Imeachtaí Ógras

 

Paráid Oíche Shamhna ag an Scléip

Lean na nasc thíos le físeán beag a fheiceáil d'Ógras ag glacadh páirt san paráid ag an Scléip i mbliana

Brú anseo le eolas breise a fháil

Campaí Samhraidh

Radharc i: English

Stair Ógras

I 1969 ghlac Conradh na Gaeilge cinneadh go raibh gá le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do aos-óg na tíre. Glacadh an cinneadh seo mar thoradh ar thaighde a bhí déanta cúpla bliain roimhe sin.Bunaíodh Ógras i Mí na Samhna 1969.

Fostaíodh Tomás Ó hEochaidh mar Oifigeach Óige ar Ógras chun tabhairt faoi obair na heagraíochta - bunú clubanna, eagrú imeachtaí, ag cur bunreacht le chéile don eagraíocht nua srl, agus d'éirigh thar barr leis. Bhí imeachtaí náisiúnta á n-eagrú ar fud na tíre: Oilimpeacha Ógras, Tionól ag an Oireachtas, Díospóireachtaí Ógras, Campa Samhraidh agus fiú cúpla imeacht idirnáisiúnta de réir mar a chuaigh na blianta thart. Chinntigh Tomás go raibh Ógras páirteach i gComhairle Náisiúnta na nÓg - scáth-eagras do óg-eagraíochtaí na tíre seo.

Ag tráth amháin chuaigh tinreamh ó Éirinn - timpeall cúigear acu as Ógras - go dtí an Féile Óige Domhanda i Moscó sa Rúis agus ba é Tomás a bhí i gceannas orthu. Dé réir na scéalta atá fós thart, is cosúil go raibh am ar dóigh acu.

Stair Óg-Ógras

I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8-13 bliana d'aois. Tugadh aitheantas oifigiúil d'Óg-Ógras i 1988 nuair a cheadaigh an Roinn Oideachais deontas le haghaidh Oifigeach Óg-Ógras don chéad uair. Tháinig fás agus forbairt mhór ar chlubanna don aois-ghrúpa seo agus bunaíodh go leor clubanna i gceantracha ina raibh clubanna d'Ógras ag feidhmiú cheana féin.

Bíonn clár imeachtaí leagtha síos d'Óg-Ógras gach bliain mar a bhíonn do ghasraí Ógras. Bíonn turas lae le haghaidh gach cúige roimh na Nollag agus bíonn turas eile acu i Mí an Mhárta. I gceantracha den tír bíonn lá spóirt ag na clubanna - a bhíonn leagtha amach ar nós Cluichí Tailteann Ógras - ach ní bhíonn siad ag fanacht as baile thar oíche.

Bíonn roinnt mhaith de bhaill Óg-Ógras a fhanann san eagraíocht agus a théann ar aghaidh go dtí clubanna Ógras nuair a shroicheann siad an aois-teorainn sin.

Cathaoirligh Ógras:

1971/'73 Seán Mac Mathúna
1973/'75 Mairéad Bn. Uí Dhomhnaill
1975/'77 Mícheál Mac Gréil, S.J.
1977/'78 Niall Ó Muilleoir
1978/'79 Seán de Paor
1979/'80 Ciarán Ó Feinneadha
1980/'81 Seán de Paor
1981/'83 Pádraig Ó Duibhir
1983/'85 Deaglán de Paor
1985/'88 Pádraig Ó Sabhain
1988/'89 Antóin Mac Cárthaigh
1989/'90 Fiona de Staic
1990/'92 Seán Óg Ó Coisdealbha
1992/'94 Aodhán Ó Meachair
1994/'97 Pádraig de Búrca
1997/'2005 Máirín Uí Ghríofa
2005/' Breandán Ó Cathasaigh

Campaí Samhraidh 2013

Tá roinnt dátaí agus ionad chomh maith le foirmeacha iarratais ar fáil anois ar an suíomh. Tuilleadh le teacht go luath.

Tuilleadh eolas ar fáil anseo

 

Ógras
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Guthain (01) 475 1487
© Coiste Stiúrtha Ógras 2007
Sitemap | Accessibility

Ogras