Árachas - Cén Cineál?
Ní mór go mbeidh gníomhachtaí an chlub clúdaithe faoi scéim aráchais. Go minic bíonn scéim aráchais ag an Ionad Pobail srl agus is féidir an chlub óige a bheith clúdaithe faoin scéim sin. Mura bhfuil an chlub clúdaithe faoi scéim mar sin, is féidir aráchais a fháil trí Ógras.
Dliteanas Poiblí.
Clúdaíonn sé seo an foirgneamh agus aon timpistí a tharlaíonn ann i.e. Daoine gortaithe/maraithe de bharr úsáid réasúnta an fhoirgnimh in ainm an chlub. Bíonn clúdach árachais ar na foirgnimh, ag na coistí áitiúla (pobail & srl) ach de ghnáth iarrtar ar an chlub óige a pholasaí féin a chur i bhfeidhm i dtreo is nach mbeidh aon chás tugtha in aghaidh pholasaí an choiste. Tugtar slánaíocht d’úinéirí, do choiste agus do bhord bainistíochta an halla i gcás gur tharla timpiste.
Clúdach Ball go Ball.
Clúdaíonn sé seo na baill óna chéile agus iad i mbun gníomh faoi ‘stiúir réasúnta’ an chlub. Tagann an clúdach seo i bhfeidhm go mór nuair atá imeachtaí ar nós uni-haca, cispheil agus spóirt eile mar iad ar siúl. Clúdaíonn an polasaí seo gach ball cláraithe in aghaidh timpiste spóirt i.e. Buille fill déanta orthu ag ball eile sa chlub. Ní mór cúram réasúnta a bheith tugtha ag gach éinne, go háirithe na cinnirí, chun go mbeadh an clúdach seo i bhfeidhm.
Imeachtaí Clúdaithe
Leis an árachas seo, bíonn gnáth imeachtaí an chlub óige clúdaithe.
Sa bhreis ar an méid sin, bíonn campaí samhraidh do pháistí ó 6 – 16 bliain d’aois, malartaithe óige idirnáisiúnta, ócáidí bailiú airgid – siúlóidí, tráth na gceist, ceolchoirm, srl agus céilí nó Dioscó Poiblí – caithfear fógra a thabhairt d’Ógras roimh ré.
Imeachtaí nach bhfuil Clúdaithe
Aqualung Diving
Flying (except as a fare-paying passenger)
Hang-gliding
Parachuting
Hunting
Hunting on Horseback
Polo
Show jumping
Steeple Chasing
Racing – Driving, Sailing or Riding
Riding Motor Cycles or Motor Scooters as a driver or passenger
Winter Sports, other can curling or ice-skating
Football other than amateur association football
Is sampla é an líosta seo, má tá tú in amhras faoi imeacht faoi leith atá i gceist agaibh a chur ar fáil, is ceart teacht i dteagmháil le Ógras chun é a phlé.
Amateur Rugby
Amateur Gaelic
Amateur Hurling
Mountaineering (Hill walking is covered once it’s on designated routes/trails)
Cliff or Rock-climbing
Abseiling
Gully Bashing
Subterranean
Elastic Rope Sports or Activities
Any pursuit or activity involving personal danger or hazard
Playing in any sport professionally
Service in the armed forces
Coiméad Taifead
Má tharlíonn aon sórt timpiste, ní mór taifead a chur le chéile.
1. Cad a tharla?
2. Cé a bhí i láthair?
3. Am agus áit a tharla an t-eachtra
4. Ná ráitis éagsúla a dúirt an ball/nó baill eile a bhí i láthair
5. Gortú nó damáiste d’aon duine nó d’áiseanna an óg-chlub
6. Moltaí chun an cás a réiteach
7. I gcás timpiste do bhall is gá na tuismitheoirí a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir
Costas
Is €20 an ball an costas atá ar árachais bliana.
Beidh an ball clúdaithe ón 1 Meán Fómhair 2014 – 31 Lúnasa 2015.