Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20204025 - CHY 22409

Cuideachta Theoranta gan Scairchaipiteal #638154

© 2014 cruthaithe ag

Bliain na Gaeilge 2018

Comórtas Dúshláin Gaeilge Ógras

Tá neart imeachtaí, ócáidí, gníomhaíochtaí agus gluaiseachtaí iontacha le tarlú mar chuid do cheiliúrtha Bliain na Gaeilge 2018.

 

Beidh Ógras ag glacadh páirt in imeachtaí na bliana le liosta dúshláin a bheidh le cur i gcríoch ag clubanna taobh istigh de roinnt míonna. Tá na dúshláin briste suas i rannóga éagsúla agus beidh ócáid mór bronnadh duaiseanna/gradaim ar siúl ar an 26ú lá Bealtaine chun aitheantas a thabhairt dos na clubanna a thóg páirt sa chomórtas dúshláin. Tá pictiúr don liosta Dúshláin thíos, agus is féidir leat an doiciméad leis na Dúshláin uilig, maraon le cur síos orthu agus rialacha, a fháil anseo.


Liosta Rannóga na Dúshláin:

  • Imeachtaí 

  • Nasc Leis an bPobal

  • Poiblíocht

  • Ealaíona 

  • Líonrú 

  • Cruthú 

  • Féinfhorbairt

Más maith leat do chlub a chlárú chun páirt a ghlacadh sa i gComórtas Dúshláin Gaeilge Ógras téigh i dteagmháil linn. Tá an comórtas oscailte do gach club óige – ní amháin clubanna Ógras/Óg-Ógras.

14 Aibreán 2018

Chomh maith le Chomórtas Dúshláin Bliain na Gaeilge, beidh Ógras ag glacadh páirt i mhórshiúil ócáid BEO, ar siúil ar an 14ú lá Aibreán agus tá súil ag Ógras go dtiocfaidh neart dár mbaill agus ceannairí chuige. Beidh mórshiúl, siamsaíocht, ceol, óráidí, lá teaghlaigh agus níos mó ann!

Buailfidh Ógras le chéile ag 12.30i.n. ar Chearnóg Parnell don mhórshiúl ag 1i.n., agus fanfaimid i gcearnóg Mhuirfean go dtí a 3i.n. dos na himeachtaí agus píosaí cainte ó aíonna speisialta agus Uachtarán na hÉireann. Beidh pacáistí á chur amach againn chuig clubanna chun bratacha a dhéanamh don mhórshiúl, agus tá fáilte roimh cách brat a dhéanamh don mhórshiúl - fiú más é nach mbeidh siad ag an ócáid! Beidh busanna ag teacht ó ceantracha éagsúla ar fud na tíre, so téigh i dteagmháil le d'Oifigeach Forbartha áitiúil chun bus spás a chur in áirithe.

Please reload