Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20017439 - CHY 7664

© 2014 cruthaithe ag

An Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail trí spás agus deis a sholáthar do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid ar bhonn compordach mar chuid de phobal labhartha Gaeilge.

 

Clár oibre don aos óg a sholáthar trí mheán na Gaeilge atá beo, ilchineálach agus pleanáilte agus a spreagann smaointeoireacht chruthaitheach, spreagadh féin-mhuiníne, forbairt shóisialta agus forbairt teanga trí ghníomhaíochtaí spraoi, spóirt, cultúrtha agus caitheamh aimsire.

 

Cur ar chumas dhaoine óga a bheith muiníneach an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil.

 

Chun an fhís seo a fhíorú cuireann Ógras timpeallacht sábháilte ar fáil do dhaoine óga a thugann tacaíocht agus spreagadh dóibh Gaeilge a labhairt i dtimpeallacht chomhaimseartha, spraoiúil agus suaimhneach.

'Go mbeadh an Ghaeilge á labhairt (mar theanga pobail) ag daoine óga na hÉireann, agus go mbeadh an fhéinmhuinín agus an cumas acu a n-acmhainn a bhaint amach, agus a bheith lánpháirteach sa phobal trí mheán na Gaeilge.'

  • Cur chun cinn na Gaeilge i measc an óige

  • An duine óg a fhorbairt mar phearsa

  • Cultúr dúchais na hÉireann a chothú

In Ógras, reáchtálann na ceannairí óga an club óige (le cabhair ó threoraí fásta) agus bíonn imeachtaí acu ar nós cispheil, cluichí boird, sacair faoi dhíon, peil ghaelach, ceol, rince, cluichí teanga, ceardaíocht, drámaíocht, díospóireachtaí ealaíon, srl. Tugann Ógras deis do dhaoine óga bheith páirteach san Oireachtas - mór-fhéile na Gaeilge - agus casadh le Gaeil óga na tíre. Tá clubanna ag Ógras ar fud na tíre agus eagraíonn muid imeachtaí réigiúnach, náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta dóibh.

  • Cuirtear ar chumas an duine óg a bheith páirteach san obair

  • Tugtar dúshlán don ógánach smaoineamh ar a dhearcadh agus ar a chuid nósanna féin mar dhuine aonair agus mar dhuine den slua.

  • Bíonn tionchar na hoibre le feiceáil i saol an duine óg tríd is tríd - sa chlann, lena chuid cairde, sa phobal

  • Bíonn meas ar an duine óg mar dhuine ann féin gan tuairimí an cheannaire á bhrú air nó uirthi.

Fís Ógras

Misean Ógras

  •  A bheith oscailte agus uileghabhálach

  •  Comhionannas san eagraíocht trí chéile

  •  Oibriú go Deonach

  •  Éagsúlacht inár gcur chuige agus inár dtairiscintí

  •  Freastal ar bhonn solúbtha ar riachtanais éagsúla dhaoine óga

  •  Rannpháirtíocht agus go dtógadh na daoine óga úinéireacht ar a chlub fhéin

  •  Spásanna sábháilte a sholáthar do dhaoine óga chun teacht le chéile go sóisialta.

  •  Atmaisféar cairdiúil agus fáilteach a chruthú i ngach rud a dhéanaimid.

  •  Spraoi! :)

  •  Bród i bhféiniúlacht agus i gcultúr na hÉireann, agus iad a chur chun cinn

  •  Súil chun cinn a bheith againn, agus toise idirnáisúnta na heagraíochta a fhorbairt

  •  Forbairt óige

Is ógeagraíocht Gaeilge é Ógras do dhaoine óga idir 8 - 19 mbliana d'aois. Tá dhá aoisghrúpa i gceist sna clubanna. Tá Óg-Ógras ann do pháistí idir 8 -12 bhliain d'aois agus tá Ógras ann do dhéagóirí idir 13 - 19 mbliana d'aois. Is féidir club d'Ógras a bhunú in aon áit sa tír, má tá grúpa de dhaoine óga a bhfuil spéis acu bheith páirteach i gclub Gaeilge. Ar ndóigh tá ionad agus ceannairí ag teastáil freisin. Bíonn imeachtaí réigiúnda, náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta ar siúl ag Ógras i rith na bliana.  Ansin, sa Samhradh, is féidir le páistí páirt a thógáil sna Campaí Samhraidh a bhíonn ar siúl ar fud na tíre. Tugann Ógras deis do dhaoine óga an méid Gaeilge atá acu a chleachtadh, chun cabhair a thabhairt dóibh líofacht a bhaint amach sa teanga.

Luachanna

Céard é Ógras?

Aidhmeanna

Cad a Tharlaíonn sa Chlub?

Buntáistí

Cé Muid?

‘Sé cuspóir club óige Ógras ná spás sábháilte agus compordach a chur ar fáil inar féidir le daoine óga ón gceantar áitiúil teacht le chéile lena gcairde, trí mheáin na Gaeilge. Tá Ógras ag iarraidh freastal ar riachtanais na hóige, as ionad teacht le chéile agus gníomhaíochtaí éagsúil a chur ar fáil, chun tionchar a bheith ann i gcruthú eispéirithe dearfacha.

 

Mar shampla:

  • Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don duine óg chun muinín in, agus ómós do, teanga agus cultúr Gaelach

  • Páirt a ghlacadh i gcláracha éagsúil, neamhfhoirmeálta agus dírithe ar an óige

  • Ag tabhairt faoi spórt agus gníomhaíochtaí fisiciúil eile

  • Scileanna nua a fhoghlaim

  • Ag cur lena bpobal áitiúil agus níos leithne

  • Mothú muintearais agus a bheith páirteach i rud éigin a fhorbairt

  • Cairdis a chruthú

  • Daoine óga a chumhachtú chun dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta agus ábhair a théann i gcion orthu

  • Scíth a ligeant agus spraoi a bheith acu

  • Eiseamláirí fásta dearfacha a sholáthrú lasmuigh don scoil agus an teaghlach

Tagann na clubanna le chéile tráthnóna amháin sa tseachtain do 1.5-2 uair a chloig. De ghnáth, is halla nó ionad phobal áitiúil í an t-ionad, agus oibríonn foireann dheonach do dhaoine áitiúla ag an chlub. Tagann na daoine óga go deonach chuig an chlub, chun taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí éagsúla, ina measc spóirt, ceol, amhránaíocht, rince, ealaín, turais, léachtaí, grúpaí labhartha, baint phobail, ceardlanna agus a bheith ag ócáidí réigiúnach agus náisiúnta.