Clubanna Ógras Ar-Líne
Tá Clubanna Ógras chun a bheith fíorúil i mbliana!
Tá rudaí aisteach ar dhomhain faoi láthair ach tá Ógras fós anseo agus gnóthach ag obair chun seirbhísí óige trí Ghaeilge don scoth a chur ar fáil do dhaoine óga, 5-18bl. D'éirigh go hiontach linn le Campaí Samhraidh Ógras Ar-Líne, ina bhfuair muid neart taithí ar seisiúin fíorúil a reáchtáil, agus fuair muid flúirse aiseolas dearfach ar ais uathu. Tá súil againn go mbeidh muid in ann clubanna fisiciúil a eagrú chomh luath agus is féidir linn go sábháilte, ach idir an dá linn táimid fós gníomhach, fós tiomanta do agus paiseanta faoi obair óige agus an Ghaeilge, agus fós anseo chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga, ceannairí agus tuismitheoirí. In aon dul síos, tá lúcháir orainn go mbeidh na campaí ar siúil agus sceitimíní orainn faoi gach rud atá pleanáilte againn!
Sonraí na Clubanna
Tá na clubanna briste suas de réir ceantair, bunaithe ar chlubanna a bhí ann bliantaí eile, ionas go mbeidh na grúpaí céanna le chéile nuair gur féidir linn filleadh ar chlubanna fisiciúil. Más é gurb é do chéad uair ag clárú do chlubanna Ógras agus go bhfuil tú ag iarraidh fiosrú faoi leibhéal Gaeilge/aoisghrúpa do chlub áitiúil, déan teagmháil linn roimh chlárú. An costas atá ar na clubanna ar-líne ná €20 an duine óg don bhliain iomlán, agus tá na haoisghrúpaí briste suas ina ngrúpaí Óg-Ógras (5-11 bliain d'aois) agus Ógras (12-18 bliain d'aois). Tá muid ag tnúth go mbeidh 10-12 daoine óg i ngach seisiún na campaí, le huasmhéid do 15. Beidh an teorainn seo i bhfeidhm chun deis foghlamtha agus spraoi a áisiú dos na daoine óga, agus ar ndóigh chun cinntiú go bhfuil campaí indéanta dos na múinteoirí, áisitheoirí agus ceannairí, agus dírithe ar chaighdeán thar cainníocht.
Fís agus Cuspóirí na Clubanna
Fís: Eispéireas spraíúil a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a spreagfaidh meon dearfach i leith foghlaim agus úsáid na Gaeilge, curtha ar fáil ar-líne ag foireann cháilithe le taithí ar obair óige agus múineadh na Gaeilge.
Cuspóirí:
-
Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun glacadh páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla trí Ghaeilge.
-
Deis do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a bhféinmhuinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt.
-
Deis taithí a fháil ar réimse leathan d’imeachtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge
-
Deis spraoi agus craic a bheith acu i gcomhluadar páistí eile
Roinnt samplaí dos na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúil againn ag na Campaí ar líne i mbliana ná:
-
Ciorcal Comhrá
-
Rince/Aclaíocht/Ióga
-
Ceardlanna practiciúla
-
Cluichí/Tráth na gCeist
-
Ealaín & Ceardaíocht
-
Díospóireacht
-
Sainchláir Óige Ógras
-
Tionscnaimh agus for-rochtana, m.sh. Ceartas Aeráide
-
Turais sábháilte le scaradh sóisialta (ag cloí le treoirlínte)
... Agus i bhfad I bhfad níos mó!
Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na clubanna, ina measc cuspóirí, gníomhaíochtaí, cad a bheidh ag teastáil, ár éiteas srl.

Táimid ar bís nach bhfuil orainn díomá a chur ar ár mbaill rialta agus nua ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge, fiú i rith na hamanna éiginnte seo. Tá sé tábhachtach go leanann muid orainn ag tabhairt deis do dhaoine óga an méid Gaeilge atá acu a úsáid i dtimpeallacht taitneamhach agus iad ag foghlaim focal agus abairtí nua an t-am ar fad. Déanann ballraíocht i gclub óige forbairt ar fhéinmhuinín an duine óig agus in úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, trí rannpháirtíocht i gcomhluadar spraíúil, sábháilte.
Táimid anseo chun aon cheisteanna a fhreagairt freisin, so má tá aon eolais ag teastáil is féidir ríomhphost a chur chugainn anseo agus beidh muid ar ais i dteagmháil chomh luath agus is féidir.
Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.
Clubanna Ógras Ar-Líne
2020/21
. . . . . . . . . . . . . . . . . .
Clubanna Laighean
Club Óg-Ógras Léim an Bhradáin
Gach Dara Sathairn, 6-7pm
LÁN! - Tá Óg-Ógras Léim an Bhradáin lán do bhaill iontacha Ógras! Ach do gach éinne 7-12 bliain d'aois fós ag iarraidh clárú, tá fáilte ollmhór rompu clárú d'aon Chlub Óg-Ógras thíos, agus is féidir teacht i dteagmháil linn má tá aon cheist agat.
€20
Club Óg-Ógras an tSathairn
Gach Dara Sathairn, 5-6in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras Nás na Ríogh
Gach Céadaoin, 6-7in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras Marino
Gach Déardaoin, 5.30-6.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Ógras Dhún Dealgan
Gach Dara Máirt, 7-8in
Do dhaoine óga 10-15 bliain
€20
Club Ógras Laighean
Gach Dara Sathairn, 7-8in
Do dhaoine óga 12-17 bliain
€20
Clubanna Uladh
Club Óg-Ógras an Cabhán
Gach Dara Máirt, 6.30-7.30in
LÁN! - Tá Óg-Ógras an Cabhán lán do bhaill iontacha Ógras! Ach do gach éinne 7-12 bliain d'aois fós ag iarraidh clárú, tá fáilte ollmhór rompu clárú d'aon Chlub Óg-Ógras, agus is féidir teacht i dteagmháil linn má tá aon cheist agat.
€20
Club Óg-Ógras Muineachán
Gach Luain, 6.30-7.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Clubanna Mumhain
Club Óg-Ógras Lios Tuathail
Gach Luain, 4.30-5.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras Bhaile Uí Thaidhg
Gach Máirt, 4.30-5.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras Bhaile an Mhuilinn
Gach Céadaoin, 4.30-5.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras Chathair Corcaigh
Gach Déardaoin, 4.30-5.30in
For young people aged 7-12years
€20
Clubanna Connacht
Club Óg-Ógras Gaelscoil Mhic Amhlaigh
Gach Luain, 4.30-5.30in
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Club Óg-Ógras an Fhairche
Gach Dara Sathairn, 6.30-7.30in
For young people aged 7-12years
€20