Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20017439 - CHY 7664

© 2014 cruthaithe ag

Cluichí Tailteann

Ar thóir moltaí do chomórtais nua!!

I mbliana, ba mhaith linn roinnt comórtais nua a bheith i measc na gCluichí Tailteann. Tá roinnt smaointí againn, ar nós cluichí páirce nua, cluichí boird, comórtaisí cumadóireachta srl., ach ba mhaith linn cloisteáil uaibhse le moltaí! Cén cluichí/comórtaisí/scileanna a cheapann tú gur chóir dúinn iad a spreagadh agus deis iomaíochta a thabhairt iontu sna Cluichí Tailteann i mbliana? 

Seol moltaí chuig Anna ag anna@ogras.ie, nó Bláithín ag blaithin@ogras.ie

Please reload

Bíonn deireadh seachtaine  gach bliain ina dtéann muintir Ógras (déagóirí) ar turas chun páirt a ghlacadh i gCluichí Tailteann Ógras! Is deireadh seachtaine lán d'eachtraíochtaí, spórt agus spraoi atá i gceist anseo ina mbíonn comórtais spóirt, ceol (Battle of the Bands), comórtaisí damhsa traidisiúnta agus comhaimseartha, agus níos mó! 

Is deis iontach iad na Cluichí Tailteann clubanna a thabhairt le chéile agus deireadh seachtaine spóirt, ceol, agus cultúr a meascadh le cairde, chomhluadar agus craic, trí Ghaeilge. 

I mbliana, tá muid ag iarraidh moltaí a fháil do chomórtaisí nua a d'fhéadfainn cur ar siúil mar chuid dos na Cluichí Tailteann. Seol bhur moltaí chugainn ag na sonraí thall!

 


Liosta comórtais ó na blianta anuas:

  • Peil Ghaelach

  • Iomáint

  • Poc Fada-Buachaillí

  • Poc Fada- Cailíní

  • Cispheil

  • Banna Ceoil

  • Tarraingt Téada

  • Rince Foirne

  • Bratach an Chlub

  • Eitpheil

  • 80m faoi 18 Cailíní

  • 80m faoi 18 Buachaillí

  • 400m faoi 18 Cailíní

  • 400m faoi 18 Buachaillí

  • Rás Sealaíochta

  • Scidilí Cailíní

  • Scidilí Buachaillí

  • Rince Seit

  • Liathróid Láimhe Buachaillí

  • Liathróid Láimhe Cailíní

  • Unihoc

Bhí deireadh seachtaine iontach ag muintir Ógras i Maigh Cuillinn i gCo na Gaillimhe ag na Cluichí Tailteann anuraidh. Bhí na Cluichí ar siúil thar 22,23 & 24 Aibreán 2016. 

Ghlac clubanna Ógras páirt i gComórtaisí Spóirt agus bhí Céilí iontach againn ar oíche Shatharn!