Summer Camps 2021 outside


Tar éis 2021aisteach (ach ráthúil agus spraíúil!) ar-líne, tá Ógras ar bís go bhfuil muid in ann ár gCampaí Samhraidh cáiliúla a chur ar fáil go fisiciúil arís!
Beidh Campaí Samhraidh Ógras 2021 lasmuigh, le huimhreacha teoranta, agus le béim ar shábháiltacht gach éinne trí reoirlínte an rialtas, an FSS agus Ógras féin a leanúint maidir le Covid 19.
Beidh neart ar siúil againn ag na campaí - ar ndóigh beidh na imeachtaí clasaiceach cosúil le Ciorcal Comhrá, Spóirt srl., ach beidh imeachtaí nua, athchóirithe le bheith lasmuigh againn freisin ar nós Ceardlanna, Rince, Toraíocht Taisce.... agus i bhfad níos mó!
Tá cliú agus cáil ar Champaí Samhraidh Ógras, agus tá sceitimíní orainn sibh a fheiceáil ansin.
Tá Campaí Samhraidh Ógras 2020 Ar-Líne thart, ach coimeád súil ar ár meáin shóisialta (naisc thuas) agus ár nuachtlitir.
Sonraí na gCampaí
Tá costas €60 ar Champaí Laighean agus €55 ar na Campaí i gConnacht agus Mumhan.
Rithfidh gach campa i mbliana ar feadh 4.5 uair a chloig sa lá: 10rn go 2.30in, Luan go hAoine sa tseachtain chuí, le Turas Lae ar lá amháin san áireamh.
'Sí 7-12 bliain aoisghrúpa gach campa. Tóg faoi deara go mbeidh na campaí a eagrú taobh amuigh beag beann ar an aimsir.
Tá uasmhéid 15 daoine óg do gach Campa (agus táimid ag súil go líonfaidh muid iad!), agus beidh ar a laghad beirt duine fásta (tá múinteoir agus ceannairí Ógras cáilithe agus Grinnfhiosraithe ag an Garda Síochána, le taithí ar obair Óige trí Ghaeilge).
Féach thíos dátaí agus ionaid Campaí Ógras 2021 aguc cliceáil chun clárú - ach coimeád ar intinn go bhfuil spásanna teoranta, so bí gasta ag clárú chun an deis a thapú a bheith linn!
Fís agus Cuspóirí na Campaí
Fís: Eispéireas spraíúil a thabhairt do pháistí agus do dhaoine óga a spreagfaidh meon dearfach i leith foghlaim na Gaeilge agus a bheidh a chur ar fáil ar-líne ag foireann cháilithe le taithí ar obair óige agus múineadh na Gaeilge.
Tá Córas nua clárúcháin á úsáid ag Ógras i mbliana chun rudaí a shimpliú duitse. Má tá cuntas Easypayments Plus agat cheana féin beidh tú in ann an chuntas sin a úsáid agus díreach na sonraí breise atá ag teastáil dos na campaí a thabhairt dúinn tríd an chuntas sin. Muna bhfuil cuntas, is féidir leat cuntas a dhéanamh go héasca, go sciopadh agus saor in aisce - agus b'fhéidir níos tábhachtaí, sábháilfidh sé ama duit amach anseo!! Tá an córas Easypayments Plus an-shimplí, ach tá sé nua dúinn chomh maith, so ná bí buartha teacht i dteagmháil linn má tá aon fhadhb clárú agat.
Féach anseo chun mionsonraí a fháil faoi na campaí, ina measc tuilleadh eolas faoi Covid19, cuspóirí, gníomhaíochtaí, cad le thabhairt leat, éiteas an Champa, agus chun aon cheist eile agat a fhreagairt!
Éiríonn go hiontach leis na campaí gch bhliain agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu, so táimid ar bís nach bhfuil orainn díomá a chur ar ár mbaill rialta agus nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Ghaeilge, fiú sa dhomhain aisteach mar atá sé faoi láthair. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i shuíomh spraíúil, taitneamhach agus ag an am céanna bíonn siad ag foghlaim focal agus abairtí nua an t-am ar fad.
Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óig agus in úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, trí rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraíúil, shábháilte. Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - bliain i ndiaidh bliana.
Táimid anseo chun aon cheisteanna a fhreagairt
freisin, so má tá aon eolais ag teastáil is féidir
ríomhphost a chur chugainn anseo agus beidh
muid ar ais i dteagmháil chomh luath agus is féidir.
Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.
Cuspóirí:
-
Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí trí Ghaeilge a chleachtadh i rith an tsamhraidh
-
Deis do dhaoine óga Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a bhféinmhuinín i labhairt na Gaeilge a fhorbairt
-
Taithí ar réimse leathan d’imeachtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge
-
Deis spraoi agus craic a bheith acu i gcomhluadar páistí eile
Roinnt samplaí dos na gníomhaíochtaí a bheidh ar siúil againn ag na Campaí ar líne i mbliana…
-
Ciorcal Comhrá trí Ghaeilge
-
Rince/Aclaíocht/Ióga
-
Ceardlanna practiciúla
-
Biongó
-
Ealaín & Ceardaíocht
-
Cluichí
-
... agus níos mó!
Chomh maith leis seo uilig, déanfaidh na daoine óga Campa+, ina n-oibreoidh siad go neamhspleách ar thionscnamh le téama difriúil gach lá, tar éis an champa.
Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na campaí, ina measc cuspóirí, gníomhaíochtaí, cad a bheidh curtha ar fáil/ag teastáil, éiteas an Champa srl.
Clubanna Ar-Líne Ógras 2020/21
Clubanna Laighean
Club Óg-Ógras Léim an Bhradáin
Gach Dara Sathairn, 6-7in
Ar-Líne, ag tosnú
Sathairn 17ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12 bliain
€20
Cláraigh - Óg-Ógras Léim an Bhradáin
Club Óg-Ógras Nás na Ríogh
Gach Céadaoin, 6-7in
Ar-Líne, ag tosnú Céadaoin
21ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain
€20
Cláraigh - Óg-Ógras Nás na Ríogh
Club Ógras Dhún Dealgan
Gach Dara Máirt, 6-7in
Ar-Líne, ag tosnú Máirt 13ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 12-17 bliain
€20
Cláraigh - Ógras Dhún Dealgan
Ógras Laighean
Gach Dara Sathairn, 7-8in
Ar-Líne, ag tosnú Sathairn 17ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 12-17bliain
€20
Cláraigh - Ógras Laighean
Clubanna Uladh
Club Óg-Ógras an Cabhán
Gach Dara Máirt, 6.30-7.30in
Ar-Líne, ag tosnú Máirt 13ú Deireadh Fómhair
Do dhaoine óga 7-12bliain
€20
Cláraigh - Óg-Ógras an Cabhán
Tá Campaí Samhraidh Ógras 2020 Ar-Líne thart.
Beidh Campaí 2021 lasmuigh.
'

Chomh maith leis seo uilig, déanfaidh na daoine óga Campa+, ina n-oibreoidh siad go neamhspleách ar thionscnamh
le téama difriúil
gach lá, tar éis
an champa
'
'
