Campaí Samhraidh
Bíonn Campaí Gaeilge Lae ar siúl ag Ógras ar fud na tíre i mí Iúil gach bliain. I mbliana beidh neart campaí ar siúl ag Ógras i gCúige Laighean, Cúige Connacht agus Cúige Mumhain, thar dátaí éagsúla.
Clárú
Tá dátaí do Champaí Samhraidh 2020 fógartha againn ar dheis; beidh clárú ar oscailt i gceann mí nó dhó - coimeád súil ar ár Nuachtlitir chun uasdátaithe faoi champaí agus nuacht eile Ógras a fháil. Má tá aon eolais ag teastáil idir an dá linn, is féidir ríomhphost a chur chugainn anseo nó glaoch a chur ar an oifig ag 01 475 1487.
Sonraí na Campaí
Ritheann na campaí ó Luan go hAoine don tseachtain cuí, 10rn go 2.30in. 'Sí 6-12bl (Rang 1-6) aoisghrúpa na campaí.
Féach anseo chun tuilleadh sonraí a fháil faoi na campaí, ina measc cuspóirí, imeachtaí, cad le tabhairt, éiteas an Champa srl.
Féach anseo clár ama samplach do Champaí Ógras
Éiríonn go hiontach leis na campaí ar fad agus baineann na páistí uilig an-taitneamh astu. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraoiúil, taitneamhach agus ag an am céanna bíonn siad ag foghlaim focail agus abairtí nua an t-am ar fad. Déanann na campaí forbairt ar féinmhuinín an duine óg agus in úsáid an teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ginearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, tríd rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraoiúil, sábháilte. Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - agus táimid tiomanta ar feabhas a chur ar na campaí bliain ar bhliain.
Tá muid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.


Campaí Laighean
. . . . . . . . . . . . . . . . .
Campa Nás na Ríogh
29/06/2020 - 03/07/2020
Gaelscoil Nás na Ríogh
Cnoc an Phiobaire
Nás
Co. Chill Dara
Campa Bhaile na Manach
06/07/2020 - 10/07/2020
Scoil Lorcáin
Baile na Manach
Co. Átha Cliath
Campa Bhiorra
06/07/2020 - 10/07/2020
Birr Outdoor Education Centre
Biorra
Co. Uibh Fháilí
Campa Chrois Araild
13/07/2020 - 17/07/2020
Scoil Náisiúnta Chrois Araild
Bóthar Clareville
Cros Araild
BÁC 6W
Campa an Phoirt Thoir
27/07/2020 - 31/07/2020
Ionad Pobail Seán Ó'Casey
Bóthar Mhuire
An Port Thoir
Baile Átha Cliath
Campaí Mumhain
. . . . . . . . . . . . . . . . .
Campa An Gleann
06/07/2020 - 10/07/2020
NÓTA: Níl an Champa seo ar fáil ach amháin do dhaoine a chónaíonn i gceantar Gaeltachta
Ionad Lae an Ghleanna,
An Gleann,
Baile an Sceilg
Campa Bhaile an Mhuilinn
13/07/2020 - 17/07/2020
Ionad Pobail De Nógla-Rís/Nagle-Rice Community Centre
Baile an Mhuilinn/Milltown
Co. Chiarraí/Co. Kerry
Campa Thrá Lí
20/07/2020 - 24/07/2020
Halla Chumann Iosaef/Cumann Iosaef Hall
Balúnach/Balloonagh
Trá Lí/Tralee
Co. Chiarraí/Co. Kerry
Campa Bhaile Uí Thaidhg
27/07/2020 - 31/07/2020
Ionad Pobail/Community Centre
Baile Uí Thaidhg/Ballyheigue
Co. Chiarraí/Co. Kerry
Campaí Connacht
. . . . . . . . . . . . . . . . . .
Campa Ghaelscoil Dara
06/07/2020 - 10/07/2020
Gaelscoil Dara,
Br. Bhaile an Locháin
An Rinn Mhór
Gaillimh
Campa Ghaelscoil Mhic Amhlaigh
20/07/2020 - 24/07/2020
Gaelscoil Mhic Amhlaigh,
Lána an Mhuilleora
Cnoc Na Cathrach,
Gaillimh
Campa Acaill
LBC - Coimeád súil ar an spás seo!
NÓTA: Níl an Champa seo ar fáil ach amháin do dhaoine a chónaíonn i gceantar Gaeltachta, agus críochnaonn sé leathuair níos moille ná na gCampaí eile (10rn-3in)
Halla Pobail,
Ghlór na dTonn,
An Corráin,
Acailll,
Co. Mhaigh Eo.

