top of page
Oifigeach Tionscnamh
Tá Ógras ag lorg duine díograiseach, réamhghníomhach, agus tiománta le theacht ag obair mar chuid d’fhoireann Ógras le cinntiú go bhfuil teacht ag níos mó daoine óga ar chláracha agus ar tionscnaimh óige trí mheán na Gaeilge. Is deis iontach é seo do dhuine a bhfuil taithí acu ar bhainistiú tionscnamh agus gur mian leo tionchur dearfach a imirt ar obair óige trí mheán na Gaeilge.
Cúlra Ógras:
Bhunaigh Conradh na Gaeilge Ógras i 1969 le seirbhís óige a sholáthar trí mheán na Gaeilge.
Cuireann Ógras réimse leathan de sheirbhísí ar fáil – idir clubanna óige, tionscnamh, cláracha agus traenáil - le tacú le forbairt shóisialta agus phearsanta an duine, agus ag an am céanna an Ghaeilge agus cultúr dúchais na hÉireann a chur chun cinn.
An Ról:
Beidh an tOifigeach Tionscnamh ag obair ar Chláracha agus ar Thógraí éagsúla le fás agus forbairt a dhéanamh ar bhallraíocht Ógras. Beidh gá le tacaíocht agus traenáil a chur ar fáil do cheannairí chomh maith le nascanna nua a chruthú agus a fhorbairt le grúpaí pobail, scoileanna agus eagraíochtaí gaolmhara eile. Mar chuid den ról beidh ar an duine imeachtaí a comhordú, ceardlanna a fhorbairt agus a eagrú, cruinnithe a reáchtáil agus seisiúin eolais a chur ar siúl i gceantracha éagsúla timpeall na tíre.
Ag Tuairisciú chuig: Stiúrthóir Ógras
Conradh: Post lán-aimseartha ar feadh bliana le féidearthacht síneadh ama (ag brath ar mhaoiniú) Lonnaithe: Ceantar: Chúige Laighean.
Beidh taisteal i gceist leis an phost.
Uaireanta oibre : Lán-aimseartha (37.5 uair sa tseachtain)
Is gá don duine a bheith solúbtha mar beidh gá obair sa tráthnóna agus ag deireadh seachtainí
Maoinitheoir: An Roinn Leanaí, Comhionannas, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Freagrachtaí an Phoist:
1. Tionscnamh Ceartas Aeráide Ógras a sholáthar i gclubanna Ógras timpeall na tíre
2. Cláracha agus traenáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do cheannairí fásta agus do cheannairí óga
3. Traenáil a chur ar fáil do cheannairí faoi Chláracha Ógras/Óg-Ógras – Ceartas an Pháiste, Scileanna Saol agus Amuigh Faoin Aer agus a chinntiú go bhfuil na cláracha a gcur i bhfeidhm sna clubanna
4. Tionscnamh agus Tograí eile a fhorbairt agus a sholáthar
5. Comhordú a dhéanamh ar Chlár Idirnáisiúnta Ógras
6. Obair Ógras a chur chun cinn trí chruinnithe agus cur i láthair ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla
7. Tacú le breis chlubanna de chuid Ógras agus Óg-Ógras a bhunú timpeall na tíre, trí earcú ceannairí, traenáil agus tacaíocht a chur ar fáil nuair is gá
8. Tacú le Imeachtaí réigiúnda agus naisiúnta a eagrú agus a reáchtáil
9. Maoiniú a lorg do thionscadail nua
10. Tuairiscí agus taifead suas chun dáta a choinneáil ar an obair
Sonraíocht Phearsanta Scileanna:
• Scileanna cumarsáide idir labhairt agus scríobh i nGaeilge agus i mBéarla cur i láthair san áireamh;
• Scileanna maithe idirphearsanta
• Ardscileanna ríomhaireachta
• Taithí ar plé leis na meáin shóisialta agus eolach ar bhealaí cruthaíoch le obair Ógras a fhógairt Pearsantacht
• Scileanna idirbheartaíochta;
• Scileanna comhréitigh;
• Bheith in inmhe glacadh le treoir agus comhairle a leanúint agus a chur i gcrích;
• Bheith féinspreagtha & ábalta obair as a stuaim féin Taithí
• Taithí ar Bainistiú Tionscnamh
• Taithí ar a bheith ag obair le daoine óga
• Taithí ar chúrsaí oiliúna a fhorbairt agus a chur ar fáil
• Taithí ar bhunú grúpaí/coistí nó ar a bheith ag plé leo
• Taithí ar oideachas neamh-fhoirmeálta Eolas
• Eolas ar Ógras agus ar an earnáil óige
• Eolas agus tuiscint ar riachtanais daoine óga Cáilíochtaí
• Cáilíocht 3ú leibhéal in obair óige nó obair pobail nó i réimse gaolmhara nó a chomhionann taithí
• Cáilíocht sa Ghaeilge
Príomhshonraí:
Tuarastal:Ag tosnú idir €27,383 - €35,219
Post Lán-aimseartha Laethanta
Saoire: 21 lá pro rata.
Seol litir iarratais chomh maith le C.V. chuig cathaoirleach@ogras.ie
Spriocdháta d’iarratais: 16 Deireadh Fómhair 2023
bottom of page