Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20017439 - CHY 7664

© 2014 cruthaithe ag

Imeachtaí

  • Tógann na baill páirt i ngníomhaíochtaí fisiciúil

  • Cothaíonn siad féiniúlacht an duine óig

  • Bíonn braistint chomh-muintearais ag baint leo

April 27, 2018

Tá turas chuig Birr Outdoor Education Centre á eagrú ag Ógras agus tá fáilte roimh baill Ógras 11-17 bliana d'aois! Tá costas €30 ar an turas (ceannairí saor in aisce) agus clúdaíonn seo taisteal, lón agus gníomhaíochtaí an lá iomlán 10rn-5in. Má tá do chlub Ógras ag iarraidh teacht ar an turas iontach sin, téigh i dteagmháil le Danielle chun bus a eagrú daoibh. 

 

Turas Ógras 28 Aibreán 2018 – Birr Education & Training Centre:

9.30/10.00rn            - Teacht le chéile agus Clárú an Ghrúpa

10.00r.n – 1i.n         - Gníomhaíocht (Archery, Caving Maze, Night Line, Indoor Rock Wall, Fuzz Ball)

1.00-1.45i.n             - Lón (curtha ar fáil san ionad) 

2-5i.n                       - Gníomhaíocht (Canoeing, Kayaking, Gorge Walking, Abseiling & Rock Climbing)

5.15i.n                     - Aghaidh ar an bhaile.

 

foirmeach toilithe do thuismitheoirí ar fáil óna cinnirí no thig ceann a fháil anseo agus a sheoladh ar ais ag Ógras roimh 23 Márta 2018. 

BEO - Bliain na Gaeilge

April 13, 2018

Beidh BEO - Gaelach agus Bródúil ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 14 Aibreán. Buailfidh Gaeil na tíre le chéile leis an teanga a cheiliúradh agus ár mbród aisti a léiriú. 

Imeacht stairiúil a bheidh ann agus beidh clubanna ÓGRAS ar fud na tíre ag glacadh páirt ann. 

Tá na brait críochnaithe agus tá muid réidh le tabhairt faoin cheiliúradh agus an spraoi. 

Leis an eolas is déanaí ar seo a fháil, lean leathanach Bhliain na Gaeilge ar na meáin shóisialta, áit a n-eisítear eolas de réir mar a dheimhnítear é.

Laethanta Óg-Ógras

Bíonn turas lae ar siúil gach bliain mórthimpeall am Nollag, do mhuintir Óg-Ógras ar fud na tíre. Glacann na daoine óga páirt i ngníomhaíochtaí éagsúla le baill clubanna eile ar an aois chéanna, trí Ghaeilge. Tuilleadh Eolas ar Laethanta Óg-Ógras i mbliana ach gliogáil ar 'Tuilleadh Eolas' thíos.


Dátaí Laethanta Óg-Ógras:

Laighean - 3/12/17 - Roll n' Bowl, Portlaoise 

Connacht - 15/12/17 - An Taibhdhearc, Gaillimh

Ciarraí, Mumhan - 16/12/17 - Killarney on Ice 

Ráth Ó gCormaic, Mumhan - 28/12/17 - Everyman Theatre, Corcaigh

Scléip na hÓige

November 01, 2017

Beidh Scléip na hÓige ar siúl i gCill Airne i mbliana, agus beidh daoine óga ó chlubanna Ógras ar fud na tíre ann chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt, ealaín, rince, i gceol, i dTráth na gCeist, cluichí, comórtais, ceardlanna, céilí, Féile an Oireachtais agus níos mó. Is deis iontach í Scléip na hÓige d’éinne atá cláraithe le hÓgras teacht linn ar chostas íseal €85 — a chlúdaíonn taistil, lóistín, béiltí i gCill Airne, agus na hImeachtaí agus Ceardlanna ar fad.

Tuilleadh eolas ar Scléip na hÓige ach gliogáil ar 'Tuilleadh Eolas' thíos.

Cúrsa Garchabhair (First-Aid)

October 13, 2017

Cúrsa gairid é seo chun ceannairí a chur ar an eolas maidir leis na gnéithe garchabhair agus sláinte is tábhachtaí d’obair sa chlub óige. Beidh Cúrsa ar siúil i Clár agus Luimneach do Cheannairí nach bhfuil cúrsa déanta acu cheana, nó a bhfuil ag iarraidh 'referesher course' a thógáil.

 

Tuilleadh eolas ar chúrsaí cosaint leanaí ach gliogáil ar 'Tuilleadh Eolas' thíos.

Cúrsa Ceannaireachta Ráth Ó gCormaic

October 13, 2017

Caithfidh gach ceannaire Ógras Cúrsa Ceannaireachta a dhéanamh le bheith ag obair linn. Cúrsa gairid é seo chun ceannairí a chur ar an eolas maidir leis na gnéithe is tábhachtaí d’obair sa chlub óige. Beidh Cúrsa ar siúil i Ráth Ó gCormaic i mí Deireadh Fómhair, do Cheannairí Mumhain nach bhfuil cúrsa déanta acu cheana, nó a bhfuil ag iarraidh 'referesher course' a thógáil.

 

Tuilleadh Eolas ar chúrsaí traenáil Ógras ach gliogáil ar 'Tuilleadh Eolas' thíos.

Cruinniú le Teachtaí Dála

September 26, 2017

Beidh cruinniú le muintir Ógras Mumhan le Teachtaí Dála áitiúla chun cúrsaí obair óige áitiúil, an Ghaeilge agus obair Ógras a phlé

Cúrsaí Techspace 2 Lá

Beidh ceannairí Ógras freastal ar Cúrsa Techspace 2 lá, chun foghlaim conas pictiúir a ghlacadh, conas fuaim agus físeáin a thaifead, conas eagarthóireacht a dhéanamh ar íomhá, fuaim agus físeáin, conas scéal a chruthú trí na meáin éagsúla, agus a thuilleadh - agus conas iad seo uilig a mhúineadh go daoine óga! Dátaí na cúrsaí Mumhan thíos: 

 

Cúrsaí Techspace:

20 & 21 Meán Fómhair - Corcaigh

27 & 28 Meán Fómhair - Trá Lí 

1 / 3

Please reload

Bíonn comórtas ealaíne ar siúil gach bliain idir na clubanna. Spreagtar na baill píosa ealaíne, idir 15-20 nóiméad, a chruthú bunaithe ar téama na bliana sin.

 

Tuilleadh Eolais.

Bíonn Scléip na hÓige ar siúl mar chuid de Oireachtas na Gaeilge gach bliain. Oireachtas don aos óg atá ann. Bíonn an-chuid imeachtaí ar siúl ag Scléip.

 

 

Tuilleadh Eolais.

Is é An tÓgrastál an ainm atá ar Cruinniú Chinn Bhliana Ógras. Bíonn tuairisc bliantúil, coiste stiúrtha nua tofa, cur i láthair ag na clubanna agus rúin molta ag an tÓgrastal.

 

Tuilleadh Eolais.

Is comórtais iad na Cluichí Tailteann a bhí ar siúl gach bliain. Bhí meascán comórtais ar siúl againn: peil, cispheil, eitpheil, tarraingt téada, rás sealaíochta srl.

 

Tuilleadh Eolais.

Eagraíonn Ógras imeachtaí ar bhonn réigiúnach do clubanna Óg-Ógras (7-12 bliain d’aois) i Mí na Samhna agus arís timpeall am na Cásca gach bliain.

 

 

Tuilleadh Eolais.