Search

Scléip na hÓige 2016


Beidh Scléip na hÓige 2016 ar siúl i mbaile Chill Áirne, Co. Chiarraí ó 1-4 Samhain, 2016.

Tá clár lán d’imeachtaí agus gníomhaíochtaí spraoiúla ann arís i mbliana. Beidh Céilí, Dioscó, Paráid, Spóirt, Ceardlanna, Rince, Turas Báid, Ceolchoirm le ‘Seo Linn’ agus imeachtaí de gach cineál ar siúl thar an trí lá.


Beidh muintir Ógras ag fanacht i mbrú óige i lár an bhaile. Is €85/ £70 an duine an costas don trí lá agus clúdaíonn sé sin an taisteal go Cill Áirne agus abhaile, loistín trí oíche, béilí gach lá chomh maith le cead isteach chuig na himeachtaí ar fad.


Thíos tá nasc do Litir le níos mó eolas, clár na Scléipe chomh maith le foirm iarratais chun spás a chur in áirithe don chlub. Is gá an fhoirm a sheoladh ar ais chuig Ógras le €85/£70 do gach ball, roimh deireadh mí Meán Fómhair.


Má tá aon cheist déan teagmháil le d'Oifigeach Forbartha réigiúnach nó leis an oifig ag eolas@ogras.ie leis an ábhar SCLÉIP NA HÓIGE.

Nascanna:

Litir faoi Scléip 2016 Clár Scléip 2016

Foirm Clárúcháin agus Ceadú Scléip 2016

Míle buíochas!

70 views

Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20204025 - CHY 22409

Cuideachta Theoranta gan Scairchaipiteal #638154

© 2014 cruthaithe ag