
Seó Ardán
Freagraíonn na hEalaíona cuid de phríomh-aidhmeanna obair fhorbartha leis an duine óg. Spreagtar rannpháirtíocht agus foghlaim neamh-theagascach tríd atmaisféar oscailte agus spraoiúil a chothú ina bhfuil deis ag na daoine óga eispéaras fiúntach a bheith acu. Tá athruithe súntasach á dhéanamh ar an Seó Ardáin do 2015. Beidh deis ag daoine óga iad féin a chur in iúl tríd Damhsa; Ceol (Banna Ceoil); Drámaíocht nó Coiméide. Beidh an comórtas ar siúl ar bhonn réigiúnach agus beidh deis ag na baill casadh le daoine óga eile as clubanna Ógras ar fud an réigiúin.
Dáta: Eanáir & Feabhra 2015
Ceilliúradh Cultúrtha
Séard atá i gceist ná gníomh ealaíne a reachtáil sa chlub bunaithe ar féilire na bliaina, eachtraí náisiúnta agus réigiúnach, agus ócáidí faoi leith timpeall na tíre.
Is iad na h-aidhmeanna ná: Ócáidí cultúrtha a sníomh le saol laethúil na baill ar mhodhanna chruthaitheach ina féidir leo dul i ngleic leis na téamaí. Agus tuiscint ar thábhacht traidisiúin a fhorbairt tríd rannpháirtíocht a spreagadh ina gceiliúradh, Forbairt ar tuiscint maidir le tradisiúin faoi leith ar mhódh gníomhmhúil chun brí a bhaint astu.
Is é an modh oibre atá i gceist ná: Roghnaigh ócáid faoi leith agus cur plean le chéile ar cén saghas gníomhaíochtaí a bheadh go maith do baill an chlub chun é a cheilliúradh. Roghnaigh gníomh nó téigh i dteagmhail leis an Oifigeach Forbartha Ealaíne chun smaointe a fháil. Mar shampla, ealaíon nó ceird, ceardlann ceol nó drámaíochta/rince, píosa scríbhneoireachta, scéalaíochta agus irl. Féach freisin ar imeachtaí atá ag tarlú sa cheantair agus go reigiúnach agus is fiú roinnt obair chruthaitheach a bhunú timpeall orthu sin.
Turas Cultúrtha
Eagraíonn an club turas go dtí ionad cultúrtha/ionad ealaíne chun freastal ar taispeántas, dráma, ceolchoirm, scéalaíocht nó mar sin. Is féidir leis an gclub réamh agus iar-ceardlanna a chur ar fáil do na páistí freisin chun dul i ngleic le téamaí an bpíosa ealaíne.
Is iad na h-aidhmeanna ná: Blas a fháil do na healaín, cultúr tradisiúnta agus comhaimseartha, forbairt ar shamhlaíocht, saor smaointeoireacht agus naisc le saol pearsanta agus deis do siamsaíocht, spraoi agus forbairt phearsanta a chomh-tháthú lena chéile.
Tar éis an turas a roghnú, féach ar na téamaí faoi leith atá le feiceáil sa phíosa ealaíne. Is féidir réamh-ceardlanna agus iar-ceardlanna a eagrú ionas go gcabhróidh sé sin le forbairt a smaointe ar na téamaí áirithe. Is féidir leis na réamh agus iar-ceardlanna a bheith an-simplí ar nós ceisteanna a chur roimh réidh agus ina dhiadh maidir le smaointe agus tuairimí. Is féidir freisin clár gníomhaíochtaí a chur le chéile bunaithe ar téamaí áirithe.
Togra Ealaíne
Bíonn clubanna Ógras agus Óg-Ógras i mbun tionscnamh áirithe a dhéanann plé ar gné éigean den chultúr nó saol sóisialta a fhiosrú. Cuirtear béim ar an dtaighde agus ar an bpróiseas foghlamtha le linn an tionscnamh.
Is iad na h-aidhmeanna ná: Tuiscint níos fearr ar chultúr comhaimseartha agus saol sóisialta tríd taighde a dhéanamh agus tuairimí na baill a chur le chéile. Agus scileanna pearsanta agus sóisialta a fhorbairt, ina measc, ceannasaíocht, muinín agus comhbhá in éineacht le scileanna cruthaitheachta a fhorbairt.
Is féidir tionscnamh fad-téarmaí a fhorbairt bunaithe ar sraith ceardlanna a chur ar fáil, ina bpléitear téamaí agus tugtar deis smaointe a roinnt tríd mhodhanna cruthaitheachta ar nós an drámaíocht agus an ealaín a úsáid. Téigh i dteagmháil leis an Oifigeach Forbartha Ealaíne chun smaointe a phlé agus tacaíocht a fháil.
Freagraíonn na hEalaíona cuid de phríomh-aidhmeanna obair fhorbartha leis an duine óg. Spreagtar rannpháirtíocht agus foghlaim neamh-theagascach tríd atmaisféar oscailte agus spraoiúil a chothú ina bhfuil deis
ag na daoine óga eispéaras
fiúntach a
bheith acu

Comórtas Ealaíne
Bíonn comórtas ealaíne ar siúil gach bliain idir na clubanna. Spreagtar na baill píosa ealaíne, idir 15-20 nóiméad, a chruthú bunaithe ar téama na bliaina sin. Is deis í do na baill a gcuid samhlaíocht a chuir ag obair agus a gcuid tuairimí i leith an téama a phlé ar mhodh spraoiúil ag an am céanna le spórt agus comhoibriú lena chéile agus iad i mbun an phróiseas cruthaitheachta. Bíonn neart scileanna éagsúla léirithe ag na clubanna, idir aisteoireacht, ceoil, amhráin, rince, agus caint.
I 2014 bhí comórtas Seó Árdáin idir na clubanna bunaithe ar an téama "an Ghaeilge sa bhliain 2030". Bhí an Seó Árdáin ar siúil i ngach cúige i rith Mí Eanáir agus Mí Feabhra. Comhghairdeas leis na clubanna ar fad a ghlac páirt, ar an fuinnimh agus cruthaitheacht a chur siad isteach san aisteoireacht, ceol, damhsa agus ar ndóigh an comh-oibriú ar fad a tharraing le chéile an-drámaí d'ard chaighdeán. D'éirigh thar barr leis na gcomórtais uilig.
Cúige Laighean
Bhí Seó Árdáin Laighean ar siúil ar an 8ú Feabhra 2014 i halla Scoil Uí Dhálaigh, Léim an Bhradáin. Chas chlubanna ó Tamhlacht, Nás na Ríogh agus Léim an Bhradáin ar a chéile san ionad. Ba iad Emer de Barra, ó Oireachtas na Gaeilge agus Paula Melvin, ó Coiste Stiúrtha Ógras a bhí mar moltóirí ar an lá. Bhí ard-chaighdeáin aisteoireachta agus amhránaíochta le féiceáil ar an stáitse. Rinne Cathaoirleach Ógras, Breandán Ó Cathasaigh an bronnadh ar an oíche. Sa triú áit, tháinig Club Óg-Ógras Nás na Ríogh, sa dara háit, tháinig club Óg-Ógras Léim an Bhradáin agus san chéad áit bhí Club Spraoi, Tamhlacht, lena dráma. Comhghairdeas mór leis na clubanna a ghlac páirt, bhí an-obair déanta.
Cúige Chonnacht
Bhí Seó Árdáin Connacht ar siúil ar an 15ú Feabhra 2014. Chuir Óg-Ógras Eanach Dhúin fáilte roimh club Óg-Ógras Mhic Dara agus Óg-Ógras Gaelscoil Mhic Amhlaigh. Cuireadh fáilte is fiche roimh na baill agus tuismitheoirí ar fad a bhí i láthair le neart tae, caifé, ceapairí agus cácaí álainn ar fáil. Ba iad Neasa Ní Chuanaigh, aisteoir ón Spidéal agus Áine Ní Ógáin, múinteoir bunscoile ó Bhaile Átha Cliath a bhí mar moltóirí ar an lá. Sa triú áit, tháinig Club Óg-Ógras An Cheathrú Rua lena dráma "Clann Lir sa bliain 2030", sa dara háit, tháinig club Óg-Ógras Eanach Dhúin lena dráma agus ba iad na buaiteoirí Gaelscoil Mhic Amhlaigh lena dráma. Comhghairdeas mór leis na clubanna a ghlac páirt agus don obair ar fad a rinne siad chun drámaí samhlaithe agus spraoiúil a léiriú ar an lá.
Cúige Uladh
Bhailigh roinnt clubanna Ógras i gCúige Uladh le chéile don Seó Árdain a bhí ar siúl i gCarn Tóchair, Machaire Rátha, Co Dhoire. Dhéan na clubanna taispeántais drámaíochta agus ceoil. Bhain tuismitheoirí agus na páistí an-sult ar fad as. Bhuaigh Ógras an Lúraigh an chéad duais ó thaobh drámaíochta do agus bhuaigh Ógras Ghaoth Dóbhair duais ó thaobh an cheoil do. Bhronn Oifigeach Forbartha Uladh trófaithe ar an dá Chlub.