Scléip na hÓige
Beidh Scléip na hÓige ar siúl i gCill Airne i mbliana, agus beidh daoine óga ó chlubanna Ógras ar fud na tíre ann chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt, ealaín, rince, i gceol, i dTráth na gCeist, cluichí, comórtais, ceardlanna, céilí, Féile an Oireachtais agus níos mó. Is deis iontach í Scléip na hÓige d’éinne atá cláraithe le hÓgras teacht linn ar chostas íseal €85 — a chlúdaíonn taistil, lóistín, béiltí i gCill Airne, agus na hImeachtaí agus Ceardlanna ar fad.
Dáta: 1 - 3 Samhain 2017
Áit: Cill Airne, Co Chiarraí
Costas: €85 an duine (ceannairí saor in aisce)
Clár thíos.
Is ócáid 3 lá atá i gceist le Scléip na hÓige, eagraithe idir Ógeagraíochtaí lán Gaeilge agus Oireachtas na Gaeilge. Is ócáid cultúrtha í, a thugann tuiscint ar na healaíona traidisiúnta, ie. amhránaíocht agus rince ar an Sean-Nós, Agallamh Beirte srl. Chomh maith le seo faigheann baill deis páirt a thógáil i gceardlanna iontacha, mar shampla: Rince Urbach, Drámaíocht, Drumaí agus Rithim, Scileanna Siorcas agus níos mó. Glacann baill páirt freisin i bParáid na Féile, a dhéanainn ceiliúradh ar chultúr Gaelach. Tugann an fhéile 3 lá seo deiseanna dos na daoine óga páirt a thógáil i gcomórtais ardáin Oireachtais na Gaeilge, agus freisin bíonn comórtais spóirt idir clubanna, maraon le comórtais díospóireachta. Bíonn ceolchoirm istoíche agus ar ndóigh ní dhéanfair dearmad ar an Chéilí Mhór ag an oíche dheireanach.
Bíonn craic agus spraoi ag Ógras ag an bhFéile gach bliain le clubanna agus eagraíochtaí eile: Spleodar, Cumann na bhFiann, Feachtas agus Óige na Gaeltachta.'Sí Gaeilge theanga labhartha an Fhéile, chomh maith le teanga gach ócáid eagraithe ag Oireachtas na Gaeilge.
Clár Scléip na hÓige 2017 – Cill Airne
Turas le hÓgras 1, 2 & 3 Samhna
Céadaoin 01 Samhain 2017
Déardaoin 02 Samhain 2017
Aoine 03 Samhain 2017
Ócáid:
Sroichint Chill Áirne, socrú loistín agus lón
Turas timpeall an Pháirc Naisiúnta & am saor
Dinnéar
Comórtas Beo
Céilí
Am:
12.00ml
2.00in
6.00in
8.00in
9.30in
Áit:
Brú an tSúgáin
Páirc Naisiúnta Chill Áirne
Colaiste Bhreannáin
Óstán Gleneagle
Óstán Gleneagle
Am:
Maidin
Maidin
1.00in
3.00in
4.00in
7.00in
8.30in
9.00in
10.30in
Ócáid:
Spórt (Sacar, Cispheil, Uni-haca)
Ceardlann (Raidió, Ióga, Ealaín, Damhsa, Dramaíocht, Drumaí)
Lón do gach duine
Damhsa Lár Baile “Flashdance”
An tÓgrastal – Cruinniú Cinnbhliana Ógras
Dinnéar
Bronnadh na nDuaiseanna
Banna Ceoil - Seo Linn
Dioscó
Áit:
Coláiste Bhréannain
Coláiste Bhréannain
Coláiste Bhréannain
Cill Airne
Lower Lake Room, Ostán Malton
Bialann Áitiúil
Club Oíche McSorley’s
Club Oíche McSorley’s
Club Oíche McSorley’s
Áit:
Brú an tSúgáin
Ócáid:
Bricfeasta & glanadh suas
Slán abhaile
Am:
9.30rn
10.30rn