Ógrastal, Brú na Bóinne, Co na Mí 27 - 29 Márta 2015

Beidh deireadh seachtaine eachtraíochta agus spraoi againn i mBrú na Bóinne ón 27-29 Márta 2015. Deis do dhéagóirí ó chlubanna Ógras teacht le chéile agus do Cheannairí bualadh lena chéile. Beidh Cruinniú Chinn Bhliana Ógras ann chomh maith ar maidin Shatharn. Tá an fhoireann, Clubanna agus Ceannairí ag súil go mór leis. Tá spásanna an turais seo líonta anois ach beidh deis ann freastal an bhliain seo chugainn.