Ógras, 


Conradh na Gaeilge.

6 Sráid Fhearchair

Baile Átha Cliath 2.

Fón 

01 475 1487

Uimhir chláraithe charthanais
20017439 - CHY 7664

© 2014 cruthaithe ag

Campaí Samhraidh Ógras 2015

19 May 2015

 

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.  01 4751487

www.ogras.ie

LE SCAOILEADH LÁITHREACH:

Preas Ráiteas

                                                                                                Teagmháil:

Bláithín de Burca

blaithin@ogras.ie

 

Campaí Samhraidh Ógras Meitheamh agus Iúil 2015

 

Beidh Campaí Samhraidh Ógras á reáchtáil ar fud na tíre i Mí na Meitheamh agus mí Iúil.  Cúig lá spraoi agus spórt do dhaoine óga idir 7 agus 14 bliain d’aois atá i gceist.  Beidh cluichí cur in aithne, cluichí spóirt, ealaíon, drámaíocht, rince, ciorcal comhrá, amhránaíocht agus go leor eile.  Beidh turas lae acu chomh maith, agus gach rud anseo trí mheáin na Gaeilge!

Deis iontach atá anseo do dhaoine óga aithne a chur ar a chéile tré spraoi iontach a bheith acu ag úsáid an Ghaeilge.  Is múinteoirí  cáilithe a bheidh i mbun na gCampaí, atá lán d’fhuinneamh agus le smaointí faoi rudaí le déanamh leis na daoine óga.

Tugann Clubanna agus Campaí Ógras deis iontach do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid in atmaisféar atá cruthaitheach, sábháilte agus spraoiúil, agus baineann an óige an-sult as na Campaí gach bliain. Ritheann na Campaí ó 10rn go dtí 2.30in, agus le Campaí ar dhátaí difriúla ar fud na tíre, tá ceann a oireann do gach éinne!

Bígí linn i mbliana ag Campaí Samhraidh Ógras!

****************

Déan teagmháil le Bláithín de Búrca ar 01 475 1487 – blaithin@ogras.ie

www.ogras.ie

 

 

Please reload

An Nuacht is Deanaí

November 26, 2018

November 1, 2018

Please reload

  • Facebook Classic
  • Twitter Classic
  • Google Classic