ATHRÚ DÁTA AGUS IONAD: Cúrsa Ceannaireachta Laighean agus Uladh 2016
8 Sep 2016

Beidh Cúrsa Ceannaireachta do cheannairí Cúige Laighean agus Cúige Uladh ar Sathairn an 8ú lá Deireadh Fómhair, sa Carmelite Community Centre, 56 Sráid Aungier, Baile Átha Cliath.
Na hábhair a bheidh á chlúdach ar an chúrsa ná:
Obair Óige
Pleanáil an Chlub
Anailís ar Féidearthachtaí agus Riachtanais an Chlub
Riaracháin/Árachas an Chlub
Is cúrsa saor in aisce atá i gceist, agus beidh sólaistí ar fáil ar an lá. Bígí linn más ceannaire thú nach bhfuil an cúrsa déanta agat go fóill, nó fiú má tá tú ag iarraidh cúrsa athnuachan a dhéanamh! Caithfidh gach ceannaire Ógras Cúrsa Ceannaireachta a dhéanamh chun a bheith ag obair linn so má tá aithne agat ar éinne nach bhfuil an cúrsa déanta acu nó a mbeadh suim acu sa chúrsa tabhair cuireadh dóibh freisin!
Is féidir an ócáid Facebook don Cúrsa a fheiceáil anseo: https://www.facebook.com/events/166563780415163/
Fáilte chuig gach éinne agus míle buíochas!