Ar Thóir Ceannairí nua i Marino agus Inse Chór

Tá Ógras ag cuardú Gaelgóirí i mBaile Átha Cliath do chlubanna
Marino agus Inse Chór.
An labhraíonn tú Gaeilge agus an bhfuil tú ag iarraidh é a cleachtadh? An bhfuil tú ag iarraidh cur le do phobal áitiúil agus taithí a fháil in obair óige agus in obair dheonach?
Tá Ógras ar thóir ceannairí deonacha chun obair lenár gclubanna Óg-Ógras i Marino agus Inse Chór!
De ghnáth séard a bhíonn i gceist le hobair cheannaireachta ná na seisiúin 1-2 uaire chloig sa tseachtain a stiúradh ag déanamh tograí óige, cluichí/spórt, ealaíon, gníomhaíochtaí srl leis na daoine óga; glacadh páirt i dturais, ócáidí, cúrsaí, comórtais agus neart eile!
Má tá suim agat is féidir dul i dteagmháil le hAnna ag: anna@ogras.ie, nó +353 87 918 7120