Cúrsaí Traenáil

Bíonn cúrsaí éagsúla ar siúl do cheannairí an eagraíocht i rith na bliana. Cuireann an traenáil seo le cumas an cheannaire/duine deonach plé leis na baill ar bhealach gairmiúil a thacaíonn le forbairt an duine óig.
Is iad na cúrsaí traenáil a mbíonn curtha ar fáil againn ná:
-
Cúrsa 'Ag Tosú Amach'
-
Frith-bhulaíocht
-
Cúrsa Cosaint Leanaí
-
Bunchúrsa Ceannaireachta
Ag Tosú Amach
Clár traenála do cheannairí chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar chleachtas obair óige agus a bheith ábalta é a chur i bhfeidhm ina gclub féin. Déantar an cúrsa seo thar roinnt seachtainí – de ghnáth i ceithre sheisiún de 3 uair a chloig an ceann atá i gceist.
Tuilleadh eolais faoi chlub a bhunú.
Seisiún Traenála ar Frith-bhulaíocht
Ceardlann a dhéanann cur síos ar bhulaíocht, conas go n-aithníonn an ceannaire go bhfuil sé ag tarlú, cad atá i gceist le bulaíocht agus bealaí chun déileáil leis sa chlub óige. Is seisiún trí huaire a chloig é seo gur féidir a chur ar siúl sa chlub óige leis na ceannairí agus na baill.
Cúrsa Cosaint Leanaí
Is clár oiliúna é seo atá dírithe ar oibrithe laistigh d’Earnáil na hÓige. Is cúrsa 4 uair a chloig é seo, le briseadh de 20 nóiméad tar éis an chéad seisiún. Tar éis an chúrsa ba chóir go mbeadh tuiscint níos fearr ag na rannpháirtithe ar na míreanna seo a leanas:
-
An ceangal idir Cosaint Leanaí & Obair Óige
-
An comhthéacs níos leithne atá ann don obair seo
-
Na dhearcaidh éagsúla atá ann faoin gceist seo
-
Na sainmhínithe atá ann ar mhí-úsáid leanaí
-
Na caíonna ina bhféadfadh oibrithe teacht ar eolas faoi / údair imní a bheith acu faoi mhí-úsáid
-
Na tréithe a d’fhéadfadh duine a cháiliú mar dhuine oiriúnach/mí-oiriúnach chun obair a dhéanamh le paistí/daoine óga
-
Na féidearthachtaí a bheadh ann chun déileáil le nochtadh eolais/imní faoi mhí-úsáid leanaí
-
Nósanna imeachta tuairisceoireachta
-
An úsáid cheart a bhaint as ár gcód iompair agus a phríomheilimintí
Tuilleadh eolais faoi Chosaint Leanaí.
Bun-Chúrsa Ceannaireachta
Cúrsa gairid é seo chun ceannairí a chur ar an eolas maidir leis na gnéithe is tábhachtaí d’obair sa chlub óige. de ghnáth tógann sé timpeall 4 uair a chloig agus clúdaíonn sé na míreanna seo a leanas:
-
Cur síos ar Ógras & Obair Óige
-
Ról an cheannaire
-
Pleanáil an clár oibre
-
Árachas & Sábháilteacht
-
Riarachán & dea-chleachtas.
Polasaí
Frithbhulaíochta
Ráitis
Frithbhulaíochta
Ceardlann
Frithbhulaíocht
Cur i láthair ar
Frithbhulaíocht