50 Bliain agus ag Fás

Oilimpeacha Ógras, Baile Mhic Gormáin, Co na Mí, Lúnasa 1977

Eagraíodh imeachtaí náisiúnta ar fud na tíre: Oilimpeacha Ógras, tionól ag Oireachtas na Gaeilge, díospóireachtaí, campaí samhraidh agus fiú imeachtaí idirnáisiúnta de réir mar a chuaigh na blianta thart.


Chinntigh Tomás freisin go raibh Ógras mar chuid de Chomhairle Náisiúnta na nÓg, an scáth-eagraíocht do ghrúpaí óige sa tír. Uair amháin, chuaigh grúpa ionadaithe as Éirinn — cúigear acu ó Ógras — chuig Féile Idirnáisiúnta na nÓg i Moscó sa Rúis, agus ba é Tomás a bhí i gceannas ar an ngrúpa. De réir na scéalta a cuireadh ar aghaidh, bhain siad sult mór as an turas.

Lean píosa Lean tréimhse fáis agus forbartha do chlubanna san aoisghrúpa seo, agus bunaíodh go leor clubanna nua i gceantair ina raibh clubanna Ógras ag déanamh go maith cheana féin, chomh maith le ceantair nach raibh club Ógras ar bith iontu roimhe sin.


Bunaíodh Óg-Ógras i 1988 do pháistí idir 8 agus 13 bliana d’aois. Fuair Óg-Ógras aitheantas oifigiúil an bhliain sin nuair a fuair siad deontas ón Roinn Oideachais den chéad uair chun oifigeach Óg-Ógras a cheapadh. Lean tréimhse fáis agus forbartha do chlubanna san aoisghrúpa seo, agus bunaíodh go leor clubanna nua i gceantair ina raibh clubanna Ógras ag déanamh go maith cheana féin, chomh maith le ceantair nach raibh club Ógras ar bith iontu roimhe sin.


Leagtar amach clár imeachtaí do Óg-Ógras gach bliain, mar a dhéantar do Ógras. Eagraítear turais lae i ngach cúige roimh an Nollaig agus timpeall mhí an Mhárta gach bliain. I gceantair áirithe eagraíonn clubanna lá spóirt freisin, bunaithe ar Chluichí Tailteann Ógras, ach ní fhanann na páistí thar oíche as baile. Fanann líon mór ball ÓgÓgras san eagraíocht agus bogann siad ar aghaidh chuig clubanna Ógras nuair a shroicheann siad an aois chuí.

Two photos: older man in suit adjusting tie, younger man in t-shirt with

Tomás Ó hEochaidh, bunaitheoir Ógras agus an chéad Oifigeach Óige Ógras, ag ár gceiliúradh 50 bliain sa bhliain 2019.

Group of people holding a sign that reads

Cúigear ball Ógras a bhí mar chuid de thoscaireacht ag Féile Dhomhanda na nÓg i Moscó, sa Rúis, in 1985.

Group of people posing in front of a red wall. They are smiling, and some are wearing suits. A staircase is visible.