Cén chaoi le Club Ógras a bhunú

Is bealach fiúntach é club Ógras a bhunú chun tacú le daoine óga an Ghaeilge a úsáid

go sóisialta, cairdis a chruthú agus a bheith gníomhach ina bpobal áitiúil.

Mar a deirtear: “Tús maith leath na hoibre.” Tá sé seo fíor go háirithe agus club óige á

bhunú. Le pleanáil chúramach, ullmhúchán maith agus tacaíocht ó fhoireann Ógras, is

féidir tús láidir agus inbhuanaithe a chur leis an gclub.

Leagtar amach sa treoir seo na príomhchéimeanna chun club Ógras nua a bhunú – ó phleanáil agus árachas go traenáil, cistiú agus reáchtáil laethúil.

Ag bunú Club Ógras

  • Cé atá in ann club Ógras a bhunú?

    Is féidir le daoine fásta atá tiomanta do thacú le daoine óga an Ghaeilge a úsáid i

    suíomh sóisialta club Ógras a bhunú. Caithfidh ceannairí na polasaithe Ógras a leanúint agus an próiseas grinnfhiosrúcháin riachtanach a chomhlánú.

  • Cén aoisghrúpa atá i gceist le clubanna Ógras?

    Is gnách go mbíonn clubanna Ógras dírithe ar dhaoine óga idir 13 agus 18 mbliana d’aois. Déanann go leor clubanna Óg-Ógras a bhunú freisin do bhaill níos óige, de ghnáth idir 8 agus 12 bhliain d’aois.

  • An gá do na ceannairí a bheith líofa sa Ghaeilge?

    Ní gá líofacht iomlán. Táthar ag súil go n-úsáidfidh ceannairí agus baill an Ghaeilge atá acu agus go dtacóidh siad lena chéile chun a scileanna teanga a fheabhsú le himeacht ama.

  • Cé chomh fada a thógann Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána nó Access NI?

    Tógann an próiseas grinnfhiosrúcháin 6–8 seachtaine de ghnáth. Is féidir le ceannairí

    tosú nuair a chuirtear na foirmeacha isteach, ach caithfear an próiseas a bheith ar siúl sula dtosaíonn an club.

    Polasaí Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána
  • An bhfuil árachas ag teastáil ón gclub féin?

    Tá. Cé go mbíonn árachas ag roinnt ionad cheana féin, moltar go láidir go mbeadh

    árachas ag gach club chun cosaint iomlán a chinntiú do bhaill, do cheannairí agus do

    choistí.

    Ní mór gníomhaíochtaí an chlub a bheith clúdaithe ag árachas. Go minic bíonn árachas

    ag hallaí pobail srl. a chlúdaíonn an club. Mura bhfuil an club clúdaithe faoi scéim dá

    leithéid, cuireann Ógras árachas ar fáil dár gclubanna.

    Árachas Club Ógras
  • Cé chomh minic a thagann club Ógras le chéile?

    Tagann an chuid is mó de na clubanna le chéile uair sa tseachtain le linn bhliain an

    chlub, a mhaireann thart ar 32 seachtain de ghnáth. Is féidir na hamanna agus an clár a

    chur in oiriúint do riachtanais áitiúla.

  • Cad a tharlaíonn má tharlaíonn timpiste le linn gníomhaíochta?

    Caithfear gach timpiste a thaifeadadh go mion agus tuismitheoirí nó caomhnóirí a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir. Tá taifid chuí riachtanach chun sábháilteacht agus cosaint gach duine a chinntiú.

  • Conas is féidir airgead a bhailiú don chlub?

    Is féidir le clubanna airgead a bhailiú trí imeachtaí áitiúla cosúil le gníomhaíochtaí

    urraithe, céilithe, discóanna, bailiúcháin agus díolacháin. D’fhéadfadh deontais a

    bheith ar fáil freisin ó chomhlachtaí maoinithe áitiúla agus náisiúnta.

    Féach Roghanna Maoinithe
  • An gcuirtear oiliúint ar fáil do cheannairí club?

    Cuirtear. Cuireann Ógras oiliúint agus tacaíocht leanúnach ar fáil do cheannairí ina bhfuil cosaint leanaí, forbairt ceannaireachta, treoir phraiticiúil maidir le club a reáchtáil san áireamh.

  • Cá bhfaighimid polasaithe Ógras?

    Is féidir leat gach polasaí Ógras, polasaithe cosanta leanaí agus rialachais san áireamh,

    a fheiceáil tríd an nasc thíos.

    Féach Polasaithe Ógras