Faoi Ógras
Is eagraíocht óige Gaeilge é Ógras do dhaoine óga idir na haoiseanna 8-19. Tá dhá aoisghrúpa éagsúla páirteach sna clubanna, Óg-Ógras do dhaoine óga idir 8-12 agus Ógras do dhéagóirí idir 13-19.
Is féidir club Ógras a bhunú in aon áit sa tír, cibé áit ina bhfuil suim ag grúpa daoine óga a bheith páirteach i gClub Óige trí Ghaeilge. Gan dabht, tá áit ag teastáil chun cruinnithe a chuir iar siúl agus ceannairí ag teastáil freisin. Bíonn imeachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus fiú idirnáisiúnta á eagrú ag Ógras gach bliain. Ansin, sa samhradh, bíonn campaí samhraidh , agus cúrsaí ar fáil timpeall na tíre do dhaoine óga freastal orthu.
Soláthraíonn Ógras deis do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus tugann sé cabhair dóibh líofacht a bhaint amach sa teanga.

Éispéireas an Club Óige Ógras
Is í an aidhm atá ag Club Óige Ógras ná timpeallacht shábhailte agus fáilteach a chruthú ina féidir le daoine óga ón ceantar teacht le chéile thrí mheán na Gaeilge. Lorgaíonn Ógras dul i ngleic le riachtainais na hóige thrí spás a thairiscint do chruinnithe agus éagsúlacht mhór gníomhaíochtaí, ag cothú éispéiris dearfacha.
Ag spreagadh agus ag tacú le daoine óga muinín a fhorbairt agus a bheith buíoch as an Ghaeilge agus as cultúr nah Éireann.
Ag cur ar fáil clár neamhfhoirmiúla a fheagraíonn do spéiseanna daoine óga agus a spreagann rannpháirtíocht ghníomhach.
Ag tabhairt tacaíochta do dhaoine óga scileanna nua a fhoghlaim agus páirt a ghlacadh i spóirt agus gníomhaíochtaí fisiciúla agus tacú le fás i muinín agus i neamhspleáchas.
Ag cabhrú le daoine óga cairde a dhéanamh, ag forbairt tusicint ar an dúchas agus cuidiú go dearfach leis an pobal áitúil agus an pobal níos leithne.
Ag cruthú spás do dhaoine óga chun scíth a ligeann, spórt agus spraoi a bheith acu, dul i ngleic le na ceisteanna a théann i bhfeidhm orthu agus leas a bhaint as eiseamlairí dearfach daoine fásta lasmuigh den bhaile agus scoil.

Fís Ógras
Is í ár bhfís Éire ina dtugtar tacaíocht do dhaoine óga chun a gcumas iomlán a bhaint amach, agus ina gcruthaítear deiseanna dóibh Gaeilge a labhairt agus spraoi a bheith acu.
Treoraíonn an fhís seo ár gcuid oibre agus coinníonn sí daoine óga i gcroílár gach a ndéanaimid, agus muid ag tacú le heispéiris dhearfacha thaitneamhacha trí Ghaeilge ar fud na tíre.
Misean Ógras
- Timpeallachtaí a chur ar fáil a spreagann agus a éascaíonn rannpháirtíocht daoine óga i bpobal bríomhar Gaeilge atá spraíúil agus comhaimseartha.
- Clár oibre óige bríomhar, éagsúil agus pleanáilte a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge a spreagann smaointeoireacht chruthaitheach, forbairt muiníne agus forbairt shóisiThe
Na Lucahanna a chuireann cruth ar Ógras
Múnlaíonn ár luachanna an chaoi a n-oibrímid le daoine óga, le hoibrithe deonacha agus le pobail ar fud na hÉireann. Treoraíonn siad ár gcur chuige i leith obair óige trí mheán na Gaeilge, agus cinntíonn siad go bhfuil gach a ndéanaimid uileghabhálach, cuimsitheach, measúil agus dírithe ar eispéiris dhearfacha a chruthú.
Oscailteacht agus cuimsitheacht
Comhionannas ar fud na heagraíochta
Luach na hoibrithe deonacha
Solúbthacht chun freastal ar riachtanais éagsúla daoine óga
Rannpháirtíocht agus úinéireacht daoine óga
Dearcadh amach agus gné idirnáisiúnta d’obair óige a chur chun cinn
Atmaisféar cairdiúil, spraíúil agus fáilteach a chruthú i ngach rud a dhéanaimid
Bród as féiniúlacht agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn agus meas a léiriú ar fhéiniúlachtaí agus ar chultúir eile
Ag cruthú spás do dhaoine óga chun scíth a ligeann, spórt agus spraoi a bheith acu, dul i ngleic le na ceisteanna a théann i bhfeidhm orthu agus leas a bhaint as eiseamlairí dearfach daoine fásta lasmuigh den bhaile agus scoil.
Ár bhFoireann

Maedhbh Ní Dhónaill
Ógras Director
Sonraí Teagmhála
Ríomhphost: maedhbh@ogras.ie
Fón 086 6018520

Risteárd Ó Fuaráin
Oifigeach Forbartha Mumhan
Sonraí Teagmhála
Ríomhphost: mumhan@ogras.ie
Fón 087 2194992

Páidí Dáibhís
Oifigeach Forbartha Laighean/Uladh
Sonraí Teagmhála
Ríomhphost: eolos@ogras.ie
Fón 087 9187120
Lorraine de Staic
Oifigeach Forbartha Chonnacht
Sonraí Teagmhála
Ríomhphost: gaillimh@ogras.ie
Fón 087 6035289







