top of page
Idirnáisiúnta
Radharc Domhanda ó na 80í 
PanCelticParade_Friday-0839.jpg

Turas Idirnáisiúnta Ógras 2006
Breatain Beag

Lucht na Breataine Bige ina gculaith éide traidisiúnta.
Is minic a dhéanann Ógras ag cuairt ar thíortha Cheilteacha eile chomh maith le malartaithe óige agus turais ERASMUS.

A world view since the 80s

 

Bhí an-tuiscint ón tús ag Ógras faoi tábhacht obair óige Idirnáisiúnta.

Tá Ógras gníomhach le hobair Idirnáisiúnta ó thús na hochtóidí. Thosaigh an obair le campaí samhraidh do dhéagóirí sa Bhreatain Bheag agus

chuaigh sé ó sin go dtí turas go Moscó

don Fhéile Óige Domhanda a bhí ar siúl i

1985 mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta na nÓg agus

neart áiteanna eile freisin. Thar na blianta ghlac Ógras páirt i bhFhéilte Óige Domhanda i dtíortha eile ar nós An Ghréig, An Chóiré Thuaidh 1990, An Spáinn 1994. Chomh maith le sin thug baill agus ceannairí Ógras cuairteanna rialta ar thíortha Cheilteach eile ar nós An Bhreatain Bheag, Albain, An Bhriotáin agus Oileán Mhanainn.

Ag amanna áirithe bhí tionscnaimh óige ar siúl ag Ógras le grúpaí i dtíortha éagsúla m.sh. An Urdd sa Bhreatain Bheag agus Cónaidhm an Choraíocht Cheilteach (Gouren) sa Bhriotáin. Chomh maith le sin bhí malartaithe óige ar siúl le neart tíortha eile ar nós an Pholainn, An Bhulgáir agus Tír na mBascach. D’ár ndóigh bíonn malartaithe óige ar siúl ag clubanna go rialta le Cumann na Gàidhlig in Albain.

Faoi láthair tá sé mar aidhm ag Ógras malartú Idirnáisiúnta amháin ar a laghad a eagrú gach bliain. Tá tábhacht faoi leith leis an ghné seo den obair mar tugann sé deis do bhaill Ógras casadh le daoine óga eile ón Eoraip agus foghlaim faoina gcultúr, nósanna agus a dteanga.

De ghnáth caitheann na baill 8-10 lá le chéile agus oibríonn siad ar thionscadail éagsúla le chéile. Tugann sé deis iontach dár mbaill taithí a fháil, comhoibriú le agus cumarsáid a dhéanamh le cultúr eile. Is deis iontach é don duine óg fás agus forbairt. Le linn an mhalartaithe óige, is iad na daoine óga a bhíonn i gceannas ar go leor de na gníomhaíochtaí agus oibríonn siad leis na ceannairí chun an clár gníomhaíochtaí a ullmhú agus chun na gníomhaíochtaí agus na ceardlanna a ullmhú do na cuairteoirí.

PanDe Mairt17-0056.png

"Kernow a'gas dynnergh"
"Fáilte go dtí an Choirn"
"Welcome to Cornwall"

bottom of page