top of page
Tionscnamh Ceartas Aeráide Ógras 2021
Dearadh Cárta.jpg
Ciste Ceartas Aeráide
Is téarma é 'Ceartas Aeráide' a úsáidtear chun téamh domhanda a fhrámú mar shaincheist eiticiúil agus pholaitiúil, seachas a bheith dírithe ar ghnéithe timpeallachta nó fisiceacha amháin.

Bhí Ógras thar a bheith ríméadach nuair a bhronnadh deontas ar an eagraíocht ón gCiste Ceartas Aeráide Óige, a bhí á reáchtáil ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, don chéad uair i 2020. Dúirt an tiar-Aire Katherine Zappone go dtabharfaidh sé tacaíocht d'eagraíochtaí óige atá ag díriú isteach ar aird a tharraingt ar na fadhbanna a bhaineann le Ceartas Aeráide. Rinne Ógras neart oibre spraíúil agus suimiúil chun an deontas a úsáid chun tionchar suntasach a bheith againn, agus oideachas úsáideach agus bríomhar a thabhairt dár mbaill óga chun gur féidir leo díriú ar an tsaincheist seo agus chun iad a chumhachtú chun athrú dearfach a dhéanamh don dtimpeallacht, don domhan agus don chine daonna!

Dearadh Íomhá Ceartas Aeráide Ógras
(barr an leathanach)

​Tar éis Tionscnamh Ceartas Aeráide rathúil i 2020, bhí Ógras ag iarraidh íomhá a chruthú a léireodh Ceartas Aeráide, a chuimsigh an coincheap casta agus gach rud a d’fhoghlaim muid féin agus ár mbaill faoi, chun teachtaireacht a sheoladh faoi fírinne an scéil dhoiciúil na saincheiste chomh maith le dóchas a spreagadh, gur féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi. Chun é seo a dhéanamh, ar ndóigh chas muid chuig na daoine a d'fhéadfadh an scéal sin a insint is fearr - ár mbaill. D’eagraíomar ceardlanna do chúpla club chun an topaic agus cad a d’fhoghlaim siad anuraidh a phlé níos mó, fiafraí de cad a d’fhan leo agus d'inis muid dóibh faoin smaoineamh seo a bhí againn íomhá a dhéanamh, agus ansin d’iarr muid orthu roinnt ealaín a dhéanamh a léirigh dúinn an chiall atá ag an coincheap Cheartas Aeráide dóibh. Bhailíomar an ealaín agus ansin d’oibrigh muid le dearthóir Eoghan Fearon arís (tar éis obair leis ar ár mbileog eolais faoi Éicíbrící do Thionscnamh Ceartas Aeráide Ógras 2020, agus níos mó) chun íomhá a chruthú spreagtha ag ealaín na mball (pictiúrtha). Mothaíonn muid go léiríonn an íomhá seo réalachas doiciúil an domhain ina mairimid agus an streachailt leatromach

WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg

ar son Ceartas Aeráide, an staid uafásach a théann i bhfeidhm ar an iomarca daoine agus ainmhithe agus a chuireann ár ndomhan ar fad i mbaol... Ach léiríonn sé freisin aontacht, dóchas, inspioráid, misneach agus eolas nach mór dúinn obair le chéile chun cabhrú leo siúd atá ag fulaingt, chun cabhrú le lucht cónaithe uile ár bpláinéad! Tá Ógras ag súil go spreagfaidh an íomhá seo dóchas agus athrú, agus go bhfeiceann gach éinne ann gur féidir linn tabhairt faoin dúshlán seo le chéile, ar son todhchaí níos fearr amach anseo.

Táimid chomh bródúil as an dearadh a tháinig mar thoradh as an ghníomhaíocht seo (barr an leathanaigh); creidimid go ndeireann sé an t-uafás faoin ábhar casta agus cliathánach, le fírinne, meas agus creideamh sa chine daonna chun obair le chéile i dtreo athrú.
WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg
WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg
WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg
WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg
WhatsApp Image 2022-01-11 at 4.24_edited.jpg
Físeán Ceartas Aeráide Ógras: an Domhan! 
- Alison Gilliland,
Ard Méara Baile Átha Cliath
“Tá Ceartas Aeráide iontach tábhachtach do dhaoine óga. Níl ach pláinéid amháin againn agus caithfimid go léir, óg agus sean, sa bhaile agus thar lear, obair le chéile chun ár dtodhchaí a chinntiú.”
 
Ag labhairt faoi Físeán Ógras: an Domhan! 

Ag coinneáil leis an teachtaireacht agus na haislinge 'dóchas tríd obair le chéile' bhí Ógras ag iarraidh scéal pearsanta daoine mórthimpeall an domhain a insint trí shúile ár mbaill agus ceannairí óga. Fáth amháin a spreag an smaoineamh seo dúinn ar ndóigh ná nach raibh mórán acmhainní Gaeilge faoi cheartas aeráide ar fáil, ach, freisin, nach raibh aon fhíseáin Ghaeilge faoi ar fáil, agus freisin arís ní raibh aon fhíseáin dátheangach ag labhairt le daoine mórthimpeall an domhain faoina n-eispéiris pearsanta in aon áit go raibh muid in ann é a aimsiú - mar sin cheap muid gur chóir é a chur ar fáil muid féin! D'oibrigh muid le MÓC2 chun físeán a chur le chéile dár mbaill, ceannairí agus teagmhálaithe anseo in Éirinn le scéal pearsanta faoi athrú agus ceartas aeráide, agus rinne muid teagmháil le roinnt dhreamanna thar lear chun ionchuir idirnáisiúnta agus éagsúil a fháil faoin ábhar agus na slite go bhfuil saincheist na haeráide ag dul i ngleic ar dhaoine sa lá atá inniu ann - agus na slite gur féidir agus gur cóir dúinn déileáil leo. 

Ógras: an Domhan - Comórtas Díospóireachta
Ceartas Aeráide

Bhí Ógras ag iarraidh díriú isteach ar chomhrá, iniúchadh, taighde, fiosracht agus infheistíocht pearsanta don Tionscnamh Ceartas Aeráide 2021 agus shíl muid gur shlí fhoirfe é chun na nithe seo a thabhairt le chéile le scileanna cumarsáid agus teanga, comórtais díospóireachta a eagrú i roinnt dos na clubanna. Thug an chuid seo den tionscnamh deis

iontach do bhaill óga Ógras plé a dhéanamh agus oiliúint a fháil

ar ábhair cheartas agus athrú aeráide agus eolas fúthu seo mar aon le scileanna díospóireachta foirmiúil a chur chun cinn i measc aos na hóige,

trí Ghaeilge.

Bronnfar
dearbhán
ar bhuaiteoirí Ógras: an Domhan, agus Corn ar an Scoil!

Is slí iontach í díospóireachtaí  chun comhráite tábhachtacha a bheith againn i slí oscailte a thógann gach sonra agus gach taobh san áireamh, agus is féidir an plé seo a thosú sa chlub Ógras tríd an chomórtas, ach ní stopann sé ansin - nuair atá na scileanna taighde agus labhairt acu, is féidir leis na daoine óga iad a úsáid, a fhorbairt agus a chleachtadh ar scoil, sa bhaile, ar líne, os comhair an phobail agus níos faide! Mar sin ní raibh Ógras ag iarraidh an díospóireacht a chúngú dos na foirne díospóireachta amháin; ba chóir an rang, club, clann agus scoil a tharraingt isteach sa phlé i bhfoirm thaighde, díospóireachta, tráth na gceist agus eile - agus téamaí Ceartas Aeráide a bheith lárnach ann uilig. 

Rialacha Comórtais Díospóireachta Ógras: An Domhan

  1. Mic léinn 12-15 bliana d’aois nó bliain 1-3 a ghlacfaidh páirt sa chomórtas.

  2. Triúr cainteoir ar gach foireann agus ionadaí amháin ar eagla go mbíonn duine éigin in easnamh nó tinn.

  3. Labhraíonn an captaen ar son an rúin ar dtús (Foireann A) agus ansin an captaen i gcoinne an rúin (Foireann B).

  4. Ansin labhraíonn cainteoir 2A agus cainteoir 2B agus ansin cainteoir 3A agus 3B.

  5. Tá cead ag gach duine labhairt ar feadh 3 nóiméad.

  6. Gheobhaidh an captaen nóiméad amháin ag deireadh na díospóireachta le hachoimre a dhéanamh. Captaen B ar dtús agus captaen A le críochnú.

  7. Buailfidh an clog tar éis dhá nóiméad ionas go bhfuil a fhios ag an duine atá ag caint go bhfuil nóiméad amháin eile acu le críochnú

  8. Ní bheidh aon mharcanna le haghaidh pointe atá déanta tar éis na trí nóiméad.

  9. Beidh an Díospóireacht go hiomlán i nGaeilge agus baintear marcanna má úsáideann na cainteoirí níos mó ná cor fhocal in aon teanga eile.

  10. Foireann amháin ó Ghaelcholáiste atá ceadaithe i 2021.

  11. Ní ghearrfar táille ar bith i 2021.

  12. Beidh duais don Chéad agus Dara háit.

  13. Beidh an rún ag na foirne dhá lá roimh ré agus faigheann siad taobh an rúin cúpla (ar son nó i gcoinne) uair a chloig roimh ré.

  14. Déanfar taifead (fís & fuaim) ar gach cainteoir agus beidh ar gach cainteoir cead a thabhairt úsáid a bhaint as an taifead seo ar líne.

  15. I 2021 cuirfear an-bhéim ar shábháilteacht ó Covid mar atá leagtha amach i bPolasaí Covid 19 Ógras.

Ábhair féideartha na Díospóireachta

Mearfhaisean (Fast Fashion)

Anás míosta (Period Poverty)

 Inscne / Éagumas / Gnéasacht / Cine

Díothú (daoine / ainmhithe / plandaí srl.)

 Úsáid Acmhainní (díchoilltiú / uisce / cadás / ola / CO2 srl.)

 Cearta Oibrithe

 I bhfad i bhfad níos mó féidearthachtaí!!

Roinnt naisc chun cabhrú le taighde

www.ecounesco.ie/youth-climate-justice-challenge/

www.mrfcj.org/principles-of-climate-justice/

 www.trocaire.org/campaigns/climate-justice

Rúin samplacha: 

  • "Tá dualgas géarchéim na haeráide a réiteach i lámha gach duine aonar."

  • "Caithfear modhanna taistil a athrú ó bun go barr."

  • "Tá an ghéarchéim tithíochta níos tábhachtaí ná an ghéarchéim aeráide."

  • "Tá an freagra d’athrú aeráide inár gcrainn."

Íoslódáil Foirm Iontrála na Díospóireachta anseo

Íoslódáil Rialacha na Díospóireachta anseo

Cuireadh an tionscadal seo ar fáil trí thacaíocht an Chiste um Cheartas Aeráide don Aos Óg ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

YCJF Branding_Irish_FullColour_NoDCEDIY.png
Ceartas aeráide anois.jpg
bottom of page