top of page
Tionscnamh Ceartas Aeráide Ógras 2020
Ceartas Logo_edited_edited.png
Mearfhaisean
Ciste Ceartas Aeráide
Is téarma é 'Ceartas Aeráide' a úsáidtear chun téamh domhanda a fhrámú mar shaincheist eiticiúil agus pholaitiúil, seachas a bheith dírithe ar ghnéithe timpeallachta nó fisiceacha amháin.

Bhí Ógras thar a bheith ríméadach nuair a bhronnadh deontas ar an eagraíocht ón gCiste Ceartas Aeráide Óige, a bhí á reáchtáil ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, don chéad uair i 2020. Dúirt an tiar-Aire Katherine Zappone go dtabharfaidh sé tacaíocht d'eagraíochtaí óige atá ag díriú isteach ar aird a tharraingt ar na fadhbanna a bhaineann le Ceartas Aeráide. Rinne Ógras neart oibre spraíúil agus suimiúil chun an deontas a úsáid chun tionchar suntasach a bheith againn, agus oideachas úsáideach agus bríomhar a thabhairt dár mbaill óga chun gur féidir leo díriú ar an tsaincheist seo agus chun iad a chumhachtú chun athrú dearfach a dhéanamh don dtimpeallacht, don domhan agus don chine daonna!

Bhí Ógras ag iarraidh díriú isteach ar ábhar tráthúil, suimiúil agus suntasach do dhaoine óga don Tionscnamh Ceartas Aeráide, agus chuir muid ceist ar na daoine is fearr agus is tábhachtaí dúinn chun an t-ábhar sin a phiocadh - ár mbaill! D'aontaigh gach éinne go bhfuil neart dioscúrsa timpeall ar an Mearfhaisean - nó 'Fast Fashion' -  sa lá atá inniu ann agus gur saincheist casta, suimiúil agus saibhir le féidearthachtaí atá ann, le neart poitéinseal ag baint leis ó thaobh cad gur féidir linn a dhéanamh chun rudaí a fheabhsú go pearsanta agus inár bpobail, ar scoil agus sa bhaile, agus chun an scéal a scaipeadh go leathan. Chuaigh ár mbaill ag obair, ag déanamh taighde, ag smaoineamh ar íobairtí agus athruithe fiúntacha agus modhanna chun an ghné choinsiasa sin ó thaobh siopadóireacht, deisiú éadaí agus gan cheannach ó bhrandaí áirithe srl a choimeád suas, agus á gcur i bhfeidhm go gníomhach gach lá. Tá Ógras fíorbhródúil as ár mbaill don mhéid paisean agus díograis a thugann siad do gach tionscnamh a dhéanann siad linn, agus ní raibh aon difríocht i gceist anseo. Féach thíos roinnt dos na táirgí a tháinig ó na baill ar an Mearfhaisean - is féidir an tionchar a bhí ag an ábhar orthu  a fheiceáil go soiléir iontu fós! 

Buaiteoir Ealaín 15-18 - Ciara Bartels 1.jpg
Buaiteoir Ealaín 15-18 - Ciara Bartels 2.jpg
Buaiteoir Scríbhneoireacht 15-18 - Cormac Ó hUrnaigh.png
Aisling 8bl R2 GS Nás 1.jpg

Ón bharr: TikTok faoi mhearfhaisean ó Róisín; TikTok faoi oiriúnú éadaí ó Rós; Ealaín faoi mhonarchana mearfhaisean ó Ciara (2 pic); Dán faoi mhearfhaisean ó Cormac; Banda gruaige féin-oiriúnaithe ó Aisling; TikTok faoi mhearfhaisean ó Louise

Comórtas Ceartas Aeráide

Mar chuid den tionscnamh d'eagraigh Ógras, in éineacht le Thriftify.ie, Comórtas Ceartas Aeráide chun daoine óga suas go 25 bliain a spreagadh le taighde a dhéanamh ar an bhflúirse saincheisteanna casta agus éagsúla mórthimpeall ar Cheartas Aeráide, le 16 duais aitheantais ar luach €100 an ceann.

 

D'éirigh go hiontach leis an gComórtas agus bhí sé thar a bheith deacair d'fhoireann Ógras buaiteoirí a roghnú - bhí roinnt iontrála a chur deora inár súile!! Bhí agus táimid fíorbhródúil dár mbaill agus do dhaoine óga Éireann as ucht an mhéid paisean, iarracht agus pearsantacht a chuir siad isteach ina gcuid iarratais, a thaispeánann go bhfuil Óige dhíograiseach, uaillmhianach cruthaitheach againn sa tír agus a thugann dóchas dúinn uilig. Tá gach iontráil go bhfuair muid ar fáil thíos  - obair den scoth le neart taighde déanta dó, neart tionchar pearsanta agus paisean ar thaispeáint, agus gabhann Ógras buíochas agus comhghairdeachas mór le gach éinne a thóg páirt as a gcuid obair chrua agus as an iarracht a dhéanamh chun an scéal a scaipeadh faoi conas aire a thabhairt dár bpláinéid álainn!

Iontrálacha agus buaiteoirí:

653e85b6-2323-4803-97d2-38826a397997.jpeg

Faoi 12

15-18bliain

12-14bliain

19-25bliain

Bileog Éicibríce Ógras
Pic Bileog Gaeilge.jpg
Pic Stól.png

Ceann dos na rudaí a chur Ógras i bhfeidhm mar chuid den Tionscnamh Ceartas Aeráide ná déantús Éicibrící – nó ‘Ecobricks’ – ag na clubanna, agus moladh dár mbaill ceann a thosnú sa bhaile, ar scoil srl. Is éard atá i gceist le éicibríce ná bríce saorga déanta as buidéal plaisteach líonta leis na píosaí plaisteacha boga nach féidir leat athúsáid a dhéanamh orthu. Nuair atá roinnt éicibrící críochnaithe agat, is féidir iad a úsáid chun rudaí éagsúla a dhéanamh – fiú tá áiteanna ar domhan ina n-úsáideann siad éicibrící chun tithe a thógáil! Is slí iontach í Éicibríce chun a bheith níos coinsiasaí faoin méid plaistigh a úsáideann muid sa chéad dul síos, agus an plaisteach a bhfuil

orainn a úsáid, a athúsáid. Rinne neart baill Ógras Éicibríce a thosnú agus rinne foireann Ógras bileog lán e heolas faoi Éicibrící a dhéanamh suas (le cabhair ó dhearthóir Eoghan Fearon) le scaipeadh ar gach ball sa tír, le cabhrú leo Éicibríce a dhéanamh agus a líonadh i gceart agus le neart smaointe do thionscnaimh féideartha chun iad a úsáid nó rud éigin a dhéanamh astu, mar shampla troscáin, ealaín, teach madra srl. srl. Is féidir an bhileog sin a fheiceáil agus a íoslódáil chun priontáil ANSEO, agus tá neart eolas faoi éicibrící ar fáil ag ecobricks.org agus reuzi.ie. Bígí coinsiasach, cruthaitheach agus caomhach linn chun difríocht a dearfach dhéanamh don Aeráid!

ecobricks.oorg-build.png
Ceardlainne, Eolas agus Póstaer

Rud eile a rinneamar mar chuid den Tionscnamh Cheartas Aeráide, d'fhreastail, d'eagraigh agus d'éascaigh foireann agus baill Ógras ceardlainne faoi Cheartas Aeráide ag díriú ar bhainistíocht dramhaíola, conas athrú dearfach agus coinsiasach a chur i bhfeidhm inár saol laethúil agus an focal a scaipeadh chun a chinntiú go bhféadfadh an obair a rinneamar don tionscnamh a leanúint ar aghaidh i bhfad tar éis dúinn a bheith críochnaithe leis go hoifigiúil. Is féidir leat ár gcur i láthair Powerpoint ónár gCeardlanna Cheartas Aeráide a íoslódáil agus a fheiceáil anseo, agus thíos tá roinnt samplaí de phóstaeir, litríocht agus ábhair cheardlainne a d’úsáid muid chun athrú agus gníomhachtú a spreagadh i gclubanna Ógras:

3.jpg
2.jpg
1.jpg
Ceardlann Athchúrsáil 18.02.21.jpg
beirt bhan.jpeg
Ceartas aeráide anois.jpg

Bhain Ógras taitneamh as gach gné don Tionscnamh Cheartas Aeráide 2020, agus tá ríméad orainn páirt a ghlacadh i 2021 freisin! Coinnigh súil ar ár meáin shóisialta, ar ár suíomh agus ar ár Nuachtlitir le haghaidh uasdátaithe faoi Thionscnamh Cheartas Aeráide Ógras 2021, agus le bhur dtoil tar i dteagmháil le haon mholtaí nó smaointe atá agat dó, nó fiú chun a bheith páirteach ann féin!

Ní neart go cur le chéile :)

bottom of page