Cód Iompair

Aibreán 2026

Treoirlínte do Cheannairí, do Choistí, do Bhaill agus do Thuismitheoirí

Cód Iompair an Chlub


Cuspóirí agus Réimse


Ba chóir go dtarlódh obair óige i dtimpeallacht atá fáilteach, tacúil, cuimsitheach agus sábháilte. Tá sé riachtanach mar sin go gcuirtear páistí agus daoine óga sa champa ar an eolas maidir leis na teorainneacha ó thaobh a n-iompar agus iad ag tógáil páirte i gcampa nó imeacht de chuid Ógras. Mar an gcéanna tá sé ríthábhachtach go bhfuil meas agus cúirtéis léirithe do na ceannairí, mar atá toillte acu sa ról mar cheannaire an champa. Is treoirlíne tosaigh do cheannairí an Cód Iompair seo agus iad ag ullmhú rialacha agus cód iompair/disciplíne go sonrach dá gclub féin. Moltar cód a fhorbairt le hionchur ó bhaill agus ó cheannairí óga lena chinntiú go bhfuil gach ball curtha san áireamh sa phróiseas. Cinnteoidh sé seo go dtacaíonn gach ball le cur i bhfeidhm an chóid agus go nglacann siad freagracht as cuspóirí an chóid a chur i gcrích. Tá an Cód Iompair seo ann mar threoir do cheannairí agus iad ag leagadh síos rialacha agus cód iompair/smachta in éineacht leis na daoine óga ag an champa.


Rialacha/Treoracha an Champa agus Imeachtaí Ógra


Chun a chinntiú go mbaineann gach duine óg leas as an champa agus go mothaíonn gach duine sábháilte agus iad ag tógáil páirte in imeachtaí an champa, déantar na rudaí seo a leanas:


  • Gaeilge a labhairt i gcónaí ag imeachtaí an champa
  • Tóg páirt ghníomhach agus bíodh ionchur agat in imeachtaí an champa chomh fada agus gur féidir leat
  • Bí cineálta agus taispeáin meas i gcónaí do na daoine eile sa champa beag beann ar a gcúlra cultúrtha, ábaltacht, inscne nó a mbunús eitneach.
  • Meas a bheith agat ar mhaoin an champa agus ar mhaoin na mball eile chomh maith le haire a thabhairt do do mhaoin féin
  • Gan páirt a thógáil i dtromaíocht d’aon chineál ag am ar bith
  • Cuir ceannaire ar an eolas má thugann tú faoi deara go bhfuil tromaíocht ar siúl ag baill eile
  • Bí béasach, cothrom, macánta agus léirigh meas i gcónaí nuair atá tú ag plé le baill eile agus leis na ceannairí. Bí aireach do mhothúcháin daoine eile i do ghníomhaíochtaí agus nuair atá tú ag labhairt.
  • Tuairiscigh aon iompar a dhéanann míchompordach tú, leis an cheannaire nó don duine ainmnithe
  • Lean rialacha Ógras agus treoracha an cheannaire i gcónaí
  • Fan sa seomra / halla ina bhfuil an club ar siúl agus ná téigh chuig aon áit eile gan cead nó i d’aonar
  • Ná tóg grianghraif agus ná déan taifead d’aon duine sa champa gan cead ó na ceannairí agus é a bheith faoi stiúir an cheannaire (féach ar ár bpolasaí Idirlíne & ár bPolasaí Frithbhulaíochta)
  • Ba chóir go mbeadh daoine óga curtha ar an eolas maidir leis na rioscanna agus rialacha a bhaineann le húsáid teicneolaíocht agus na meán shóisialta (féach ar ár bPolasaí Idirlíne)
  • Iompar a chuirfeadh aon duine eile atá sa champa in aon bhaol a sheachaint
  • Baisteachán, drochtheanga, agus ráitis díspreagúla a sheachaint
  • Aird na ngasúr a dhíriú ar bhruscar agus glaineacht na háite. Ba chóir cúig nóiméad a thógáil ag deireadh na hoíche le glanadh suas
  • Níl cead fón póca a úsáid le linn imeachtaí an champa gan cead ón cheannaire


Rialacha na heagraíochta maidir le Turas Lae an Champa


  • Labhair Gaeilge i gcónaí
  • Is gá do bhaill agus do cheannairí crios sábhála a chaitheamh le linn an turais bus
  • Níl cead ithe nó ól ar an bhus ach amháin uisce
  • Na déan aon rud le cur as don tiománaí nó d’éinne eile ar an bhus
  • Bíodh meas agat ar an ionad, ort féin agus ar na daoine eile atá ar an turas leat
  • Lean treoir na gceannairí
  • Ná fág aon bhruscar ar an bhus nó ag an ionad
  • Ná bain le haon rud nach mbaineann leat
  • Ná himigh ón ghrúpa gan cead ón cheannaire

 

Moltar don chlub/campa liosta smachtbhannaí a aontú i gcás go sáraítear an cód Thíos tá liosta féideartha de bhealaí chun déileáil le sáraithe:


  • Leithscéal a ghabháil
  • Cailleadh amach ar phribhléid nó ar phribhléidí
  • Tuismitheoirí curtha ar an eolas
  • An duine óg a dhíbirt ón imeacht/club ar feadh seal ama nó go síoraí

 

Nuair a tharlaíonn eachtra, déantar cinneadh ar an iarmhairt ag brath ar cé chomh trom- chúiseach is atá sé.


  1. Samplaí d’iompar mí-oiriúnach:
  • Gan a bheith ag leanúint treoracha
  • Iompar suaiteach
  • Labhairt Béarla sa chlub
  • Drochmheas a léiriú/bheith drochbhéasach
  • Ais fhreagairt


Mar threoir do cheannairí i gcás iompair mí-oiriúnach ag an champa


  • An chéad uair go dtarlaíonn eachtra faigheann siad rabhadh ó bhéal agus beidh orthu leithscéal a ghabháil leis na ceannairí/baill lena mbaineann sé
  • Má tharlaíonn sé don dara huair rachaidh a n-ainm sa leabhar eachtraí/timpistí agus beidh ar an pháiste suí amach as an ócáid/as an gcluiche
  • Tar éis na rialacha a bhriseadh trí huaire – teagmháil le tuismitheoirí.
  • Tar éis na rialacha a bhriseadh ceithre huaire – díbirt ón gCampa.


I gcásanna tromchúiseacha is féidir gasúir a dhíbirt láithreach ón gCampa, ach ní mór glaoch a chur ar an tuismitheoir láithreach agus b’fhéidir go mbeadh gá teagmháil a dhéanamh leis an Teagmhalaithe Ainmnithe (DLP).


2. Samplaí d’iompar thromchúiseach nuair is féidir/ gá don cheannaire na smachtbhannaí is géara a úsáid:


  • Troid nó foréigean
  • Bulaíocht
  • Drochmheas a thaispeáint d’éinne bunaithe ar inscne, cúlra, cultúr, ábaltacht nó a mbunús eitneach.
  • Drochmheas a léiriú don cheannaire
  • Damáiste d’aon ghnó de mhaoin nó trealamh an chlub / an halla / na scoile

 

Treoirlínte maidir le déileáil le hiompar mí-oiriúnach le linn gníomhaíochtaí cónaithe:


  • Labhróidh ball foirne Ógras leis an duine óg agus rachaidh siad trí na rialacha leo arís.
  • Má leanann an t-iompar mí-oiriúnach, déanfaidh ball d’fhoireann Ógras teagmháil leis na tuismitheoirí agus iarrfaidh orthu labhairt leis an duine óg agus iarraidh orthu a n-iompar a fheabhsú.
  • Má leanann an drochiompar ar aghaidh, déanfar teagmháil leis na tuismitheoirí arís agus iarrfar orthu socruithe a dhéanamh chun an ball atá i gceist a bhailiú.
  • I gcás drochiompair thromchúisigh, déanfar teagmháil leis na tuismitheoirí agus iarrfar orthu socruithe a dhéanamh chun an duine óg a bhailiú láithreach.

 

Moltar an córas thíos a úsáid nuair atá ceannairí ag plé le heachtraí sa chlub/campa

Déanfar athmhuintearas idir na daoine óga/baill, más féidir, ag baint úsáide as na ceisteanna thíos.


  • Cad a tharla?
  • Cad a dhéanfá difriúil an chéad uair eile?
  • Cad atá chun tarlú anois? (An bhfuil an ball le dul ar fionraí / an bhfuil siad le díbirt ón chlub / imeachtaí …)
  • An bhfuil aon rud eile le plé/le rá?



Iarrtar ar na baill ar fad agus a gcuid tuismitheoirí an doiciméad seo a shíniú le taispeáint go dtuigeann siad an méid atá ann agus go n-aontaíonn siad leis.