Tionscadal Ceartais Aeráide Ógras
Thug Tionscadal Ceartais Aeráide Ógras deis do dhaoine óga dul i ngleic go cruthaitheach le saincheisteanna domhanda tábhachtacha trí Ghaeilge. Mar chuid den tionscadal, d’eagraigh Ógras Comórtas Ceartais Aeráide a dhírigh ar Sprioc 6 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe – Uisce Glan agus Sláintíocht. Spreagadh rannpháirtithe chun smaoineamh ar théamaí mar uisce, inbhuanaitheacht agus freagracht don chomhshaol.
Thug rannpháirtithe freagra ar an téama Uisce trí fhíseáin, saothair ealaíne agus dánta a chruthú agus iad ag úsáid a gcuid Gaeilge. Bhí ceithre chatagóir aoise sa chomórtas
agus glacadh le hiarratais aonair agus grúpa araon. Bronnadh duaiseanna ar na buaiteoirí ag ócáid bhronnta agus taispeánadh na saothair bhuacacha ar shuíomh gréasáin Ógras. I measc na nduaiseanna bhí deireadh seachtaine ag obair in éineacht le déantóir físe gairmiúil.













