Tionscadal Ceartas Aeráide 2026

I mbliana, beidh ár dTionscadal Ceartais Aeráide dírithe ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 15, “An Saol ar Talamh”. Beidh deis ag baill páirt ghníomhach a ghlacadh sa nádúr ina gceantar féin agus foghlaim faoin tionchar atá ag an gcomhshaol áitiúil orthu agus faoin gcaoi ar féidir leo cabhrú lena chosaint. Mar chuid den tionscadal, cruthóidh baill físeán oideachasúil agus glacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí praiticiúla i rith na bliana. Beidh an tionscadal agus an téama SDG15 le feiceáil i n-imeachtaí, i gcampaí samhraidh, ar thurais agus i seisiúin chlub araon.

Roinn le cairde