Turas chuig an gCeoldráma Saoirse sa Taibhdhearc

Tá cuireadh ag Club Ógras Choláiste Iognáid agus Club Ógras na hInse teacht ar thuras chuig an gceoldráma nua, Saoirse, a bheidh ar siúl mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta na Gaillimhe sa Taibhdhearc.
Beidh an seó ar siúl ar an 23ú Iúil, ag tosú ar 8i.n, agus beimid ag dul go Supermacs ag 6.30i.n. do bhéile roimh an seó.
Cláraigh roimh 12i.n. Déardaoin 16ú Iúil chun spás a chinntiú!





