Turas Ógras go Wildlands, Gaillimh

Am & Áit

Sonraí

Turas do chlubanna Ógras i gCúige Chonnacht chuig ionad eachtraíochta Wildlands, Maigh Cuilinn, Gaillimh, ar an Luan 8ú Meitheamh 2026.


Tá bus eagraithe chun na páistí + ceannairí a bhailiú ó ionad an chlub (beidh an t-am seo fógraithe do ghach chlub go luath) agus muid a thógáil go Wildlands, Maigh Chuilinn, Gaillimh. Beidh na páistí fágtha ar ais chuig ionad an chlub (beidh an t-am seo fógraithe do ghach chlub go luath.) Más mian le do pháiste teacht, déan cinnte iad a clárú roimh Dé hAoine 22ú Bealtaine ag 5i.n.


Clúdaithe sa phraghas: dhá ghníomhaíocht + béile i Wildlands, bus filleadh ó áit cruinnithe an chlub.

Roinn le cairde