Téarmaí & Coinníollacha
Aibreán 2026
Eolas Áirithinte
Ba chóir do rannpháirtithe tabhairt faoi deara nach ndeimhneofar áit ach amháin nuair a bheidh an táille chuí faighte ag Ógras.
Polasaí Cealaithe
Cealú ag Ógras
De ghnáth, bunaítear táillí agus socruithe campa ar an íoslíon rannpháirtithe is gá chun campa a reáchtáil. Coimeádann Ógras an ceart aon champa a chealú mura sroichtear an t-íoslíon de 15 rannpháirtí. Sa chás seo, cuirfear gach rannpháirtí cláraithe ar an eolas ar a laghad cúig lá oibre roimh an dáta tosaithe agus aisíocfar an táille iomlán leo.
Cealú ag Rannpháirtithe
I gcás go bhfuarthas agus go ndeimhníodh áirithint tar éis íocaíochta, beidh na critéir seo a leanas i bhfeidhm chun a chinntiú go gclúdaítear aon chostais a thabhaíonn Ógras:
- Cealú níos mó ná 28 lá roimh dháta an champa: Aisíocaíocht iomlán lúide táille riaracháin €5.
- Cealú idir 14–28 lá roimh dháta an champa: Aisíocaíocht 50% lúide táille riaracháin €5.
- Cealú níos lú ná 14 lá roimh dháta an champa: Gan aon aisíocaíocht





