Campaí Samhraidh 2026

Tá áthas ar Ógras go bhfuilimid in ann ár gCampaí Samhraidh cáiliúla a eagrú arís! Beidh Campaí Samhraidh Ógras 2026 ar siúl ar fud na tíre le líon teoranta daoine agus béim ar shábháilteacht gach duine.


Beidh neart gníomhaíochtaí ar siúl againn sna campaí - Na "clasaicí" ar nós Ciorcail Chomhrá, Spóirt srl., agus ina theannta sin imeachtaí nua & gníomhaíochtaí athnuaite, atá athchóirithe don aer ar nós Ceardlanna, Damhsa, Sealg Taisce.... agus i bhfad níos mó!


Tá Campaí Samhraidh Ógras cáiliúil as an spraoi, agus ní féidir linn fanacht le bhur bhfeiceáil arís go pearsanta. Tá go leor eolais eile faoi na Campaí thíos agus is féidir leat clárú ar líne.

Sonraí an Champa

Is é €65 costas freastal ar na Campaí. Mairfidh gach campa i mbliana ar feadh 4.5 uair an chloig gach lá: 10am go 2.30pm, Luan go hAoine den tseachtain atá leagtha síos dó, lena n-áirítear Turas Lae ar cheann de na laethanta seo. Is é aoisghrúpa an champa ná 7-12 bliana d'aois.

Reáchtálfar na campaí i ngrúpaí de 15 duine óg ar a mhéad (agus táimid ag súil go líonfaimid iad!), agus beidh beirt daoine fásta ar a laghad i láthair chun gach Campa a reáchtáil – tá múinteoirí agus ceannairí Ógras cáilithe agus tá grinnfhiosrúchán iomlán Garda acu, agus tá taithí fhairsing acu go léir ar obair óige trí mheán na Gaeilge.

Féach ar dhátaí agus ionaid Champa Ógras 2026 thíos agus cliceáil chun clárú - ach cuimhnigh go bhfuil spásanna teoranta, mar sin déan do chlárú go tapa chun d’áit a chinntiú le bheith linn!

Cuspóirí agus Gníomhaíochtaí

Cuspóirí:

  • Spás sábháilte a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí Gaeilge a chleachtadh i rith an tSamhraidh
  • Deis a thabhairt do dhaoine óga an Gaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh, agus a muinín ina gcuid Gaeilge labhartha a fhorbairt.
  • Eispéireas a chur ar fáil i réimse leathan gníomhaíochtaí spraíúla agus spreagúla, trí mheán na Gaeilge
  • Deis a thabhairt do dhaoine óga spraoi agus craic a bheith acu le daoine óga eile

Seo roinnt samplaí de ghníomhaíochtaí:

  • Ciorcal Comhrá (Irish Language Conversation Circle)
  • Ceardlanna Praiticiúla
  • Ealaíona & Ceardaíocht
  • Sealg Taisce
  • Ceol agus Damhsa
  • Aclaíocht/Ióga
  • Turas Lae …Agus go leor eile

Imeachtaí agus Cubanna Ógras

Sna clubanna Ógras, le tacaíocht ó dhaoine fásta, déanann ceannairí maoirseacht ar réimse de ghníomhaíochtaí mealltach le cispheil, cluichí boird, sacair lastigh, peil Gaelach, ceol, damhsa, cluichí teanga, ceardlainn, drámadóireacht, díospóireachtaí agus ealaín, Tugann ógras an seans do dhaoine óga páirt a ghlacadh in Oireachtas na Gaeilge – An féile náisiúnta ag ceiliíradh an Ghaeilge- Ag tabhairt an seans dóibh casadh le Gaeil Óga Ó timpeall na tíre. Tá clubanna Ógras bunaithe ar fud na tíre, agus chomh

maith leis sin déanaimid imeachtaí réigiúnacha, náisiúnta agus fiú dirnáisiúnta a chomhordú dóibh.

De ghnáth bíonn clubanna óige ar siúl uair sa tseachtain ar feadh idir 1.5 agus 2 uair an chloig. Bíonn siad ar siúl de ghnáth i halla pobail nó i lárionad pobail, agus foireann thiomanta d’oibrithe deonacha áitiúla i gceannas orthu. Tá rannpháirtíocht na ndaoine óga go hiomlán deonach. Bíonn clár éagsúil ag na clubanna ina mbíonn gníomhaíochtaí mar spórt, ceol, amhránaíocht, damhsa, turais, plé, ceardlanna, rannpháirtíocht sa

phobal agus páirt a ghlacadh in imeachtaí réigiúnacha agus náisiúnta.

Cothaíonn ár gcláir forbairt phearsanta agus cuirtear béim ar spraoi i ngach gné díobh.

Nóiméid a Chuireann Aoibh Gáire Orainn