Folúntais
Comhordaitheoir Tionscadail
Post lánaimseartha – conradh bliana
Príomhfheidhm an phost:
Beidh an Comhordaitheoir Tionscadail fostaithe chun sruth inbhuanaithe d’oibrithe deonacha óige a earcú agus a thraenáil le dul i mbun clubanna óige Gaeilge ar fud na tíre. Ina theannta sin beidh ról acu clubanna nua Ógras agus Óg-Ógras, a bhunú agus a bhuanú i gceantracha nach bhfuil seirbhís óige Gaeilge ann faoi láthair.
Oifigeach Forbartha
Páirt - aimseartha (25 uair sa tseachtain) – conradh bliana
Príomhfheidhm an phost:
Beidh an tOifigeach Forbartha freagrach as oibrithe deonacha óige a earcú agus clubanna nua Ógras agus Óg-Ógras a bhunú i gceantracha i gCúige Chonnachta nach bhfuil seirbhís óige Gaeilge ann faoi láthair.





