top of page
Caoga bliain ag fás
Olimpeacha%2077%20Gormanston_edited.jpg

Oilimpeacha Ógras, Rinn Mhic Ghormáin, Co na Mí, i mí Lúnasa 1977

I 1969 ghlac Conradh na Gaeilge cinneadh go raibh gá le seirbhísí óige trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do aos-óg na tíre. Glacadh an cinneadh seo mar thoradh ar thaighde a bhí déanta cúpla bliain roimhe sin. Bunaíodh Ógras i Mí na Samhna 1969. Fostaíodh Tomás Ó hEochaidh mar Oifigeach Óige ar Ógras chun tabhairt faoi obair na heagraíochta - bunú clubanna, eagrú imeachtaí, ag cur bunreacht le chéile don eagraíocht nua srl, agus d'éirigh thar barr leis. Bhí imeachtaí náisiúnta á n-eagrú ar fud na tíre: Oilimpeacha Ógras, Tionól ag an Oireachtas, Díospóireachtaí Ógras, Campa Samhraidh agus fiú cúpla imeacht idirnáisiúnta de réir mar a chuaigh na blianta thart. Chinntigh Tomás go raibh Ógras páirteach i gComhairle Náisiúnta na nÓg - scátheagras do ógeagraíochtaí na tíre seo. Ag tráth amháin chuaigh tinreamh ó Éirinn, timpeall cúigear acu as Ógras, go dtí an Fhéile Óige Dhomhanda i Moscó sa Rúis agus ba é Tomás a bhí i gceannas orthu. Dé réir na scéalta atá fós thart, is cosúil go raibh am ar dóigh acu.

Tomás Ó hEochaidh, bunaitheoir Ógras agus a chéad Oifigeach Óige ag Ceiliúradh 50 bliain Ógras (neart pic eile anseo).

1985%20Moscow%2043_edited.jpg
ogras-50-0052.jpg

Stair Ógras

1985%20Moscow%203_edited.jpg

Cúigear as Ógras, a chuaigh mar chuid de thinreamh as Éirinn go dtí an Fhéile Óige Dhomhanda i Moscó sa Rúis i 1985

Tuilleadh pictiúr ón Fhéile Óige Dhomhanda i Moscó sa Rúis i 1985

Stair Óg-Ógras

Ógras_T-leinte_dearga.jpg

I 1988 bunaíodh Óg-Ógras do pháistí idir 8-13 bliana d'aois. Tugadh aitheantas oifigiúil d'Óg-Ógras i 1988 nuair a cheadaigh an Roinn Oideachais deontas le haghaidh Oifigeach Óg-Ógras don chéad uair. Tháinig fás agus forbairt mhór ar chlubanna don aois-ghrúpa seo agus bunaíodh go leor clubanna i gceantair ina raibh clubanna d'Ógras ag feidhmiú cheana féin, agus i gceantair nach raibh aon chlub d'aon sórt roimh ré. Bíonn clár imeachtaí leagtha síos d'Óg-Ógras gach bliain, mar a bhíonn do ghasraí Ógras. Bíonn turas lae le haghaidh gach cúige roimh na Nollag agus bíonn turas eile acu i Mí an Mhárta. I gceantair den tír bíonn lá spóirt ag na clubanna, a bhíonn leagtha amach ar nós Cluichí Tailteann Ógras, ach ní bhíonn siad ag fanacht as baile thar oíche. Bíonn roinnt mhaith de bhaill Óg-Ógras a fhanann san eagraíocht agus a théann ar aghaidh go dtí clubanna Ógras nuair a shroicheann siad an aois-teorainn sin.

 

 

Cathaoirligh Ógras

 

1971 - '73   Seán Mac Mathúna

1973 - '75   Mairéad Bn. Uí Dhomhnaill

1975 - '77   Mícheál Mac Gréil, S.J.

1977 - '78   Niall Ó Muilleoir

1978 - '79   Seán de Paor

1979 - '80   Ciarán Ó Feinneadha

1980 - '81   Seán de Paor

1981 - '83   Pádraig Ó Duibhir

1983 - '85   Deaglán de Paor

1985 - '88   Pádraig Ó Sabhain

1988 - '89   Antóin Mac Cárthaigh

1989 - '90   Fiona de Staic

1990 - '92   Seán Óg Ó Coisdealbha

1992 - '94   Aodhán Ó Meachair

1994 - '97   Pádraig de Burca

1997 - '05   Máirín Uí Ghríofa

2005 - '18   Breandán Ó Cathasaigh

2018 - Inniu   Anita Nic Amhlaoidh

''   Tháinig fás agus forbairt mhór ar chlubanna don aois-ghrúpa seo agus bunaíodh go leor clubanna i gceantair ina raibh clubanna d'Ógras ag feidhmiú cheana féin, agus i gceantair nach raibh aon chlub d'aon sórt roimh ré.   ''
Cathaoirligh Ógras

8 gcathaoirleach de chuid Ógras thar na blianta 

bottom of page