Campaí Samhraidh
Bíonn ár gCampaí Samhraidh an-mhaith i gcónaí agus baineann na daoine óga a fhreastalaíonn an-taitneamh astu, mar sin tá áthas orainn nach gá dúinn díomá a chur ar ár ngnáth-chuairteoirí ná ar bhaill nua atá ag lorg gníomhaíochtaí spraíúla trí Gaeilge. Tugann na campaí deis do dhaoine óga an Gaeilge atá acu a úsáid i dtimpeallacht spraíúil agus taitneamhach, ag foghlaim focail agus frásaí nua de réir mar a théann siad ar aghaidh. Cuireann na campaí le muinín na ndaoine óga agus le húsáid na teanga - faigheann siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaitheacha, scileanna tógála caidrimh, agus tuiscint ghinearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal trí rannpháirtíocht spraíúil, ghníomhach i dtimpeallacht shábháilte.
Táimid bródúil as aiseolas den scoth a fháil i gcónaí ó na daoine óga a fhreastalaíonn ar ár gcampaí - agus óna dtuismitheoirí! - bliain i ndiaidh bliana.
Táimid anseo ar ndóigh chun aon cheisteanna atá agat a fhreagairt freisin, mar sin má theastaíonn aon eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn anseo agus rachaimid i dteagmháil leat a luaithe is féidir.
Táimid an-bhuíoch d’Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Oideachais agus Óige as tacú leis na campaí trí mhaoiniú.














