Cluichí Tailteann Ógras
Reáchtáiltear an deireadh seachtaine seo gach bliain timpeall na Cásca. Is imeacht lán
le fuinnimh, lán gníomhaíochta é do dhaoine óga idir 13 agus 18 mbliana d’aois, áit a
dtagann spraoi, cairdeas agus spleodar le chéile in aon eispéireas amháin nach
ndéanfar dearmad air. Bíonn an deireadh seachtaine lán le gníomhaíochtaí lasmuigh,
comórtais spóirt, damhsa, dúshláin foirne, comórtais bannaí agus go leor eile. Tá sé ar
fad dírithe ar pháirt a ghlacadh, rudaí nua a thriail agus taitneamh a bhaint as.
Is deis iontach é do dhaoine óga ó gach áit sa tír teacht le chéile, cairde nua a
dhéanamh agus a gcuid Gaeilge a úsáid i dtimpeallacht shuaimhneach, spraíúil agus
bhríomhar – gan brú an tseomra ranga. Ó spleodar na hiomaíochta go dtí an craic idir
imeachtaí, is ceiliúradh ar óige, fuinneamh agus cultúr na Gaeilge iad Cluichí Tailteann
a mbíonn gach duine ag súil leo gach bliain.
An Ghaeilge beo trí spórt, spraoi agus cairdeas.













